Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: long · aerlong · alóg · blonag · lona
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for along »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
along. 1 prep. a To walk along the shore, siúl feadh an chladaigh. To go along a street, dul síos (suas, etc.) sráid. To sail along the land, seoladh le taobh an chladaigh; coinneáil leis an gcladach. b Trees along the river, crainn atá le taobh na habhann. 2 adv. a To move along, dul ar aghaidh. He was walking along, bhí sé ag siúl roimhe. Reading as he went along, é ag léamh roimhe. Along with me, you, etc., faram, farat, etc. Come along with me, teara uait. Come along! siúl leat anseo! b I knew that all along, bhí a fhios sin agam i rith an ama. c Along with, le cois, i dteannta, in éineacht le.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was ambling along, bhí sé ag spaisteoireacht leis, bhí sé ag siúl leis de réir a choise.
Along the road buildings soon arose, ba ghairid gur tógadh tithe ar thaobhanna an bhealaigh.
He was blundering his way along, bhí sé ag smúracht roimhe.
Bring him along, bíodh sé leat.
(Of can) Bumping along, ag bacadradh leis.
To career along, imeacht go fiáin, sna feire glinnte.
He was carried along by the current, scuab an sruth leis é.
To coast (along), seoladh leis an gcósta.
Come along! (i) gabh i leith! téanam! (ii) fág seo! seo linn!
He was crawling along, bhí sé ag sraoilleadh, ag máingeáil, leis.
He was doddering along, bhí sé ag siúl go fann tuisleach; ceo ar bith ach go raibh sé á mealladh leis.
(Of pers.) He was dragging along, bhí sé ag sraonadh leis; bhí sé ag sracadh leis ar deireadh.
To drive along the road, tiomáint fan an bhóthair.
He was floundering along, bhí sé ag streachailt na gcos leis.
He footles along, bíonn sé ag útamáil leis.
Get along (with you)! (i) bí ag cur dioth; (ii) cuir uait!
We'll get along somehow, bainfimid lá as ar chuma éigin.
To get along without sth., s.o., déanamh in éagmais, déanamh cheal, ruda, duine.
He gets along well with the old man, tá sé féin agus an seanduine ag réiteach go maith le chéile.
Go along with you! (i) bailigh leat (uaim)! (ii) cuir uait (an magadh)! huga leat!
Hacking along the road, ag falaireacht feadh an bhóthair.
He hobbled along, bhí sé ag bacadradh leis.
To jog along, siúl go réidh, de réir do choise.
We are jogging along, táimid ag sraonadh linn, ag streachailt linn.
To labour along, treabhadh chun cinn go maslach duaisiúil.
He was labouring along, bhí sé ag sraonadh leis, ag sracadh leis.
The police would not let anyone along the street, ní scaoilfeadh, ligfeadh, na póilíní aon duine faoin tsráid.
Our road lay along the valley, an gleann amach a ghabh ár mbóthar.
He was limping along, bhí sé ag bacadaíl leis.
(Of animal) To lop along, bheith ag pocléimneach roimhe, ag abhóga roimhe.
To lope along, dul ar aghaidh de thruslóga, d'abhóga; truslóga a thabhairt; siúl romhat go scóipiúil.
To lounge along, bheith ag spaisteoireacht go támhleisciúil romhat.
To lumber along, sraonadh, treabhadh, chun cinn go maslach, go hanásta, go stágach.
To lump along, treabhadh chun cinn go costrom, go maslach.
To lurch along, bheith ag tuairteáil romhat.
He was lurching along the road, bhí sé ag tabhairt dhá thaobh an bhealaigh leis.
To march along, máirseáil, gluaiseacht, ar aghaidh.
To oar one's way along, iomramh leat.
(Of wolf, etc.) To pad (along), bheith ag sodar go coséadrom.
To pass along the street, dul síos (suas, siar, etc.) an tsráid.
Rail: Pass along the car! siar ón doras libh!
Pass along! gluais leat!
(Of hydroplane) To plane along the water, scinneadh leis ar an uisce.
To potter along, bheith ag sraonadh leat, ag snámh leat.
To pound along, satailt romhat go tromchosach.
(Of steamer) She was pounding along, bhí sí ag rúscadh na farraige roimpi.
To race along, rith leat go tapaidh.
Island that ranges along the mainland, oileán atá sínte le tír mór.
It was rattling along, bhí siúl faoi is gach aon ghliogar aige.
He was reeling along the road, bhí dhá thaobh an bhóthair leis.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News