Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: long · alóg · ang · blonag · lona
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh along »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
along. 1 prep. a To walk along the shore, siúl feadh an chladaigh. To go along a street, dul síos (suas, etc.) sráid. To sail along the land, seoladh le taobh an chladaigh; coinneáil leis an gcladach. b Trees along the river, crainn atá le taobh na habhann. 2 adv. a To move along, dul ar aghaidh. He was walking along, bhí ag siúl roimhe. Reading as he went along, é ag léamh roimhe. Along with me, you, etc., faram, farat, etc. Come along with me, teara uait. Come along! siúl leat anseo! b I knew that all along, bhí a fhios sin agam i rith an ama. c Along with, le cois, i dteannta, in éineacht le.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was ambling along, bhí ag spaisteoireacht leis, bhí ag siúl leis de réir a choise.
Along the road buildings soon arose, ba ghairid gur tógadh tithe ar thaobhanna an bhealaigh.
He was blundering his way along, bhí ag smúracht roimhe.
Bring him along, bíodh leat.
(Of can) Bumping along, ag bacadradh leis.
To career along, imeacht go fiáin, sna feire glinnte.
He was carried along by the current, scuab an sruth leis é.
To coast (along), seoladh leis an gcósta.
Come along! (i) gabh i leith! téanam! (ii) fág seo! seo linn!
He was crawling along, bhí ag sraoilleadh, ag máingeáil, leis.
He was doddering along, bhí ag siúl go fann tuisleach; ceo ar bith ach go raibh á mealladh leis.
(Of pers.) He was dragging along, bhí ag sraonadh leis; bhí ag sracadh leis ar deireadh.
To drive along the road, tiomáint fan an bhóthair.
He was floundering along, bhí ag streachailt na gcos leis.
He footles along, bíonn ag útamáil leis.
Get along (with you)! (i) ag cur dioth; (ii) cuir uait!
We'll get along somehow, bainfimid as ar chuma éigin.
To get along without sth., s.o., déanamh in éagmais, déanamh cheal, ruda, duine.
He gets along well with the old man, féin agus an seanduine ag réiteach go maith le chéile.
Go along with you! (i) bailigh leat (uaim)! (ii) cuir uait (an magadh)! huga leat!
Hacking along the road, ag falaireacht feadh an bhóthair.
He hobbled along, bhí ag bacadradh leis.
To jog along, siúl go réidh, de réir do choise.
We are jogging along, táimid ag sraonadh linn, ag streachailt linn.
To labour along, treabhadh chun cinn go maslach duaisiúil.
He was labouring along, bhí ag sraonadh leis, ag sracadh leis.
The police would not let anyone along the street, scaoilfeadh, ligfeadh, na póilíní aon duine faoin tsráid.
Our road lay along the valley, an gleann amach a ghabh ár mbóthar.
He was limping along, bhí ag bacadaíl leis.
(Of animal) To lop along, bheith ag pocléimneach roimhe, ag abhóga roimhe.
To lope along, dul ar aghaidh de thruslóga, d'abhóga; truslóga a thabhairt; siúl romhat go scóipiúil.
To lounge along, bheith ag spaisteoireacht go támhleisciúil romhat.
To lumber along, sraonadh, treabhadh, chun cinn go maslach, go hanásta, go stágach.
To lump along, treabhadh chun cinn go costrom, go maslach.
To lurch along, bheith ag tuairteáil romhat.
He was lurching along the road, bhí ag tabhairt dhá thaobh an bhealaigh leis.
To march along, máirseáil, gluaiseacht, ar aghaidh.
To oar one's way along, iomramh leat.
(Of wolf, etc.) To pad (along), bheith ag sodar go coséadrom.
To pass along the street, dul síos (suas, siar, etc.) an tsráid.
Rail: Pass along the car! siar ón doras libh!
Pass along! gluais leat!
(Of hydroplane) To plane along the water, scinneadh leis ar an uisce.
To potter along, bheith ag sraonadh leat, ag snámh leat.
To pound along, satailt romhat go tromchosach.
(Of steamer) She was pounding along, bhí ag rúscadh na farraige roimpi.
To race along, rith leat go tapaidh.
Island that ranges along the mainland, oileán atá sínte le tír mór.
It was rattling along, bhí siúl faoi is gach aon ghliogar aige.
He was reeling along the road, bhí dhá thaobh an bhóthair leis.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht