TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
alone, pred. a. 1 Aonarúil, aonaránach. He lives (all) alone, tá sé ina chónaí leis féin, ina aonar. He was all alone, bhí sé ina chadhan aonraic. An expert alone could advise us, ní thiocfadh le aon duine ach le heolaí comhairle ár leasa a thabhairt dúinn. I did it alone, rinne mé féin é. London alone has a population equal to . . ., ach amháin Londain níl an dara baile a bhfuil oiread daoine ann is atá i . . . I want to speak to you alone, ba mhaith liom labhairt leat i leataobh. His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é. 2 a Leave, let, him alone, (i) éist leis, lig dó; (ii) lig leis, tabhair an bealach dó. Leave it alone, ná bain leis. Your work is all right, leave it alone, tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé. Prov: Let well alone, nuair atá tú go sóúil fulaing thú féin. b F: Let alone..., gan trácht ar... 3 adv. Not alone did he steal my money, ní hé amháin gur ghoid sé mo chuid airgid.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is all alone, níl baistíoch aige ach é féin.
Why can't you let a fellow alone! nach ligfeá do dhuine!
You may do as you like so long as you leave me alone, féadfair do rogha rud a dhéanamh fad agus ligeann tú domsa, ach ligean domsa.
F: You (surely) never left him all alone, ní féidir gur fhág tú ansin leis féin é.
Is it safe to leave him alone? an bhfuil contúirt ina fhágáil leis féin?
It would not be seemly for her to go alone, ní bheadh sé oiriúnach í a dhul ann ina haonar.
I was left severely alone, níor lig aon duine air féin go raibh mé ann.
She is alone in the world, tá sí léi féin ar an saol.