PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To come abreast of a car, teacht aníos cothrom le carr.
To come to an accommodation, socrú de thoil a chéile, réiteach a dhéanamh.
To come, to drop, across a person, casadh ar duine (de thaisme).
To come into action, dul ag obair.
To go, come, afoot, imeacht, teacht, de shiúl cos.
To come after, teacht ina dhiaidh sin.
To come again, teacht ar ais arís.
To come to an agreement, socrú a dhéanamh.
He came to my aid, thug sé tarrtháil orm.
To come alongside of a ship, teacht aníos le taobh loinge.
To come alongside a quay, teacht le cé.
To come on alternate days, teacht gach dara, gach re, lá.
Or alternatively you can come to-morrow, nó de rogha air sin féadfaidh tú teacht amárach.
To come to anchor, dul ar ancaire.
F: (Of pers.) He cast, came to, anchor in Dublin, bhain sé faoi i mBaile Átha Cliath.
Be so good as to come, tar, le do thoil.
To come to s.o.'s assistance, dul i gcabhair ar dhuine, teacht a chúnamh do dhuine.
(Of parts) To come asunder, titim as a chéile.
To come to attention, teacht ar aire.
To come back, teacht ar ais.
He will come to a bad end, beidh drochdheireadh air.
He is to come to-morrow, tá sé le teacht amárach, tiocfaidh sé amárach.
I was to have come but . . ., bhí mé le teacht ach . . .
To come into being, teacht ann.
They came to blows, chuaigh siad sna lámha le chéile.
It came as a crushing blow to us, ba mhillteanach an tubaiste, an babhta, orainn é.
(Of water, etc.) To come to the boil, tosú ag fiuchadh.
He's bound to come, ní féidir dó gan teacht.
To come cap in hand, teacht go humhal.
Ven: (Of pack) To come to a check, an bonn a chailleadh.
To come full circle, an cúrsa ar fad a thabhairt.
When matters came to a climax, nuair chuaigh an scéal sa bhile buac.
(Of wrestlers) To come to a close, breith isteach ar a chéile.
To come into collision with, teacht salach ar, bualadh faoi (thraein, etc.).
To come to a place, teacht go dtí áit; áit a shroichint.
Come to see me, F: come and see me, to-morrow, tar ar cuairt chugam amárach.
To come for s.o., for sth., teacht i gcoinne duine, ruda.
To come to s.o., teacht chuig duine.
To come to the throne, dul i gcoróin.
To come to years of discretion, teacht go haois na céille.
F: What are things coming to? céard atá i ndán dúinn chor ar bith?
To come and go, teacht agus imeacht.
It came to the surface again, nocht sé aníos arís; tháinig sé go huachtar aríst.
When he came to himself, (i) nuair a tháinig a mheabhair ar ais chuige; (ii) nuair a d'éirigh sé as a chuid drochbhealaí.
How did the window come to be broken? céard a d'éirigh don fhuinneog le gur briseadh í?
How could it come to be his? céard a thabharfadh gur leisean é?
How come you to be there? céard a thug ann thú?
Now that I come to think of it, anois ó chuimhnigh mé air.
The total comes to ten shillings, deich scilling an t-iomlán.
How much does it come to? cé mhéad ar fad é?