Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill.
To advertise in a paper, fógra a chur ar pháipéar.
I found it buried under my papers, tháinig mé air agus é i bhfolach faoi mo chuid páipéar.
Newspaper with a wide circulation, páipéar nuachta a bhfuil an-díol air, a léitear go leitheadach.
To cover a book, clúdach (de pháipéar) a chur ar leabhar.
He did a discreditable examination-paper, níorbh aon dea-theist air an páipéar scrúdaithe a rinne sé.
To express thoughts on paper, smaointe a chur síos ar pháipéar.
The account was given in full in the paper, tugadh an cuntas ar a fhad agus ar a leithead sa pháipéar.
To get sth. down (on paper), rud a bhreacadh (ar pháipéar).
News hot from the press, scéala díreach tar éis teacht amach ar na páipéir.
In writing, ar pháipéar.
To leave papers lying about, páipéir a fhágáil ar fud an bhaill, ar bóiléagar.
Table littered over with papers, bord a bhfuil páipéir scaipthe ar a fhud.
To look over some papers, silleadh súl a thabhairt ar roinnt páipéar.
He looked over his neighbour's newspaper, bhí sé ag cúlfhéachaint ar pháipéar an té ba ghaire dhó.
To put a notice in the papers, fógra a chur ar na páipéir; rud a fhógairt sna páipéir.
Open letter, litir fhoilsithe (ar pháipéar nuachta).
Our oracular press, na páipéir seo againn a bhfuil an t-eolas ar fad acu.
To write in the papers, scríobh ar na páipéir.
Satin finish, cóiriú sróil (ar pháipéar, éadach, etc.).
Notepaper stamped with his address, páipéar litreach agus a sheoladh stampáilte air.
To subscribe to a newspaper, páipéar nuachta a cheannach ar shíntiús.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News