PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The back streets of the town, cúlsráideanna an bhaile mhóir.
To make the circuit of the town., dul timpeall an bhaile mhóir; cuairt an bhaile mhóir a thabhairt.
To come up to town, teacht chun an bhaile mhóir.
He went down town, chuaigh sé isteach sa bhaile mór.
He is down town, tá sé istigh sa bhaile mór.
Town house, teach sa bhaile mór.
The inducements of a large town, tarraingt an bhaile mhóir.
He knows a lot of people in Dublin, tá aithne mhór i mBaile Átha Cliath aige.
The leading architect in Dublin, an t-ailtire is mó clú i mBaile Átha Cliath.
Manufacturing town, baile mór m déantúsaíochta.
In the neighbourhood of the town, lámh leis an mbaile mór.
In the town and in its neighbourhood, sa bhaile mór agus sa chomharsanacht.
He does not live far out (of the town), níl a chónaí i bhfad ón mbaile mór.
In the proximity of a town, i ngar do, cóngarach do, bhaile mór.
To wear a hat to town, hata a chaitheamh ag dul chun an bhaile mhóir.
Town residence, cónaí, teach (cónaithe) cathrach, sa bhaile mór.
Town life, saol an bhaile mhóir, na cathrach.
Unfortified town, baile mór oscailte, gan daingniú.
To go up to town, up to Dublin, dul isteach go dtí an baile mór, suas go Baile Átha Cliath, suas chun na cathrach.
The town is in an uproar, tá an baile mór ina chíréip.