Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Why were you absent from school? cén fáth nach raibh tú ar scoil?
(Emphatic) Why are you not working? I am working, cén fáth nach bhfuil tú ag obair? Nach bhfuilim ag obair!
I can understand your doing it, tuigim cén fáth a ndearna tú é; thuigfinn go ndéanfá é.
I cannot conceive why you should allow it, ní fhéadaim a thuiscint cén fáth a gceadaíonn tú é.
I don't know why he acts as he does, níl a fhios agam cén fáth a ndéanann sé na rudaí a dhéanann sé.
Why don't you work? I do work, cén fáth nach mbíonn tú ag obair? -- Nach mbím ag obair!
I fail to understand why . . ., ní féidir liom a thuiscint cén fáth . . .
There is no knowing why . . ., níl a fhios cén fáth . . ., ní féidir a rá cad chuige . . .
He did it for reasons best known to himself, aige féin is fearr a fhios cén fáth a ndearna sé é.
Why should you suspect me? cén fáth a mbeifeá in amhras ormsa?
Why do you cry so? cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh mar sin?
Why so? cén fáth sin?
Why should I make such a supposition?, cén fáth a gceapfainn a leithéid?
Well then, why worry? agus mar sin de cén fáth a mbeadh imní ort?
What did you do that for? cad chuige, cén fáth, ar rinne tú é sin?
Tell me what are you crying for? inis dom cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh?
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News