EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
what. I a. 1 (Relative) Cibé, an (méid, beagán, etc.) (followed by relative clause). a (For subject or direct object) A (with lenited independent form; relative form may be used in pres. and fut.); a d' (before vowels or fh in tenses other than pres. and fut.); neg. nach (with eclipsed independent form), nár (with lenited form of past tense of reg. vbs.) I give him what little I have, tugaim dó cibé, an, beagán a bhíos, a bhíonn, agam. He took away what turf they had not used, thug sé leis cibé móin nár ídigh siad. You can have what few books are left, cibé beagán leabhar atá fágtha féadann tú a gcoinneáil. I will come with what speed I may, tiocfaidh mé chomh luath agus a fhéadfas mé. b (With prep. pron. placed at end of clause in Irish, whether prep. occurs in English or not) A, neg. nach (with eclipsed dependent form); ar, neg. nár (with lenited form of past tense of reg. vbs.) What few people I am interested in live in the country, an beagán daoine a bhfuil spéis agam iontu, faoin tír atá siad ina gcónaí. What goods I sent for, all arrived safely, cibé earraí ar chuir mé fios orthu, tháinig siad ar fad slán. Leave me what apples you can't take with you, fág agamsa cibé úlla nach bhfuil tú in ann a thabhairt leat. What people I knew were all away, cibé daoine a raibh aithne agam orthu, bhíodar as baile, c (=all that) A (with eclipsed dependent form); ar (with lenited dependent form of past tense of reg. vbs.) He gave me what money I required, thug sé dhom a raibh d'airgead uaim. What traits in him are noble, a bhfuil de thréithe uaisle ann. 2 (Interrogative) Cad, cén, cé na. a (Followed by relative clause as in 1 (a) above) What time is it? cén t-am é? cad a chlog é? Tell me what time it is, inis dom cén t-am é. What right has he to it? cad é an, cén, ceart atá aigesean air? Ask him what books he wants, fiafraigh de cé na leabhair atá uaidh. What good is that? cad é an mhaith sin? What news? cén scéal é? cad é an scéal leat? What day of the month is it? cén lá den mhí é? b (With prep. in Irish, whether prep. occurs in English or not; followed by relative clause as in 1 (b) above) From what box did you take it? cén bosca ar bhain tú as é? To what party do you belong? cén dream a bhfuil baint agat leo? What people do you know? cé na daoine a bhfuil aithne agat orthu? 3 (Exclamatory) What a chance! a leithéid de sheans! cén seans é! What a fool he is! nach é an t-amadán é! What a silly fool I was! nár mhór an t-amadán mé! What a lot of people! a leithéid de shlua (daoine)! What a hurry you are in! murab ort atá an deabhadh! What wonder you are tired! cén t-iontas tuirse a bheith ort! cá hionadh do bheith tuirseach! II pron. 1 (Relative=that which) An rud, is é an rud, séard. a (Followed by relative clause as in I. 1 (a) above) What you'll do tomorrow will decide the matter, an rud a dhéanfas tú amárach, is é a shocrós an scéal. What I like is the music, an ceol an rud a thaitníos liom. Come what may, cibé rud a tharlós. Say what he will.. ., cibé rud a déarfas sé . . ., abradh sé a rogha rud . . . What happened to him was that . . ., an rud a tharla dó go . . . What I lost was of no value, an rud a d'imigh amú orm níorbh fhiú dada é. What the eye does not see . . ., an rud nach bhfeiceann an tsúil . . . What I did not succeed in doing, an rud nár éirigh liom a dhéanamh. b (With prep. in Irish whether prep, occurs in English or not; followed by relative clause as in I. i (b) above) This is what I was talking about, seo é an rud a raibh mé ag caint air. This is what he is most interested in, seo an rud is mó a bhfuil a spéis ann. That was what I hated, ba shin é an rud ar thug mé fuath dó. What I expected has happened, an rud a raibh súil agam leis, tharla sé. What I feared (was) . . ., an rud a raibh eagla orm roimhe . . . c (=all that) A, ar (followed by relative clause as in I. i (c) above) Keep what you have, coinnigh a bhfuil agat. He never speaks of what he has suffered, ní labhraíonn sé ar chor ar bith ar ar fhulaing sé. What in him is base, a bhfuil d'uirísleacht ann. 2 (Interrogative) Céard, cad, cén rud. a (Followed by relative clause as in I. i (a) above) What will you say to him? céard a déarfas, a déarfaidh, tú leis? What do you do with the surplus? céard a dhéanas, a dhéanann, tú leis an bhfuílleach? What happened to him? cad a d'éirigh dhó? Tell me what happened to you, inis dom céard a d'éirigh dhuit. I don't know what I'll say to her, níl a fhios agam cad a déarfas mé léi. What is it? cad é an rud é? What is that? cad é sin? What is he? céard é féin? cad is ceird dó? What is the matter? céard atá cearr? What is his name? cén t-ainm atá air? cad is ainm dó? What is her job? cén post atá aici? What is Baptism? cad is baisteadh ann? cén ní baisteadh? What's the use, the good? cén mhaith é? What do you want? cad atá tú a iarraidh? What is to be done now? cad atá le déanamh anois? What is the Irish for 'dog'? cén Ghaeilge atá ar 'dog'? conas a déarfá 'dog' i nGaeilge? What else could bring me there? céard eile céard a thabharfadh ann mé? S.a. ELSE 2 What better is there? cá bhfuil a shárú (le fáil)? What the better are they for that? cá fearrde sin iad? What do seven and eight make? cé mhéad é a seacht is a hocht? What are potatoes to-day? céard, cé mhéad, atá ar na prátaí inniu? What is he like? cé leis is cosúil é? cén tsamhail d'fhear é? What now? céard é féin anois? What then? agus ansin? agus ina dhiaidh sin? What though we are poor? má táimid bocht féin? What if she hears about it? agus má chloiseann sí faoi? Paper, pens, pencils and what not, páipéar, pinn, pinn luaidhe, agus gach uile shórt, agus rudaí eile mar sin. What (did you say)? céard a deir tú?F: céard é féin? What of that? cén dochar? I tell you what. . ., ach cogar ... He knows what's what, níl aon néal air; tá eolas a bhealaigh aige. He told me what was what, chuir sé ar an eolas mé. b (With prep. pron. in Irish, whether prep. occurs in English or not; followed by relative clause as in I. 1 (b) above) What are you talking about? céard faoi a bhfuil tú ag caint? What did he beat him with? cad leis ar bhuail sé é? What is it for? céard le haghaidh é? cad chuige é? What did you do that for? cad chuige, cén fáth, ar rinne tú é sin? To what are you referring? cad dó ar a bhfuil tú ag tagairt? cad chuige a bhfuil tú? What's it all about? cad is ciall dó? Tell me what are you crying for? inis dom cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh? What about me? cár fhág tú mise? What about a game of cards? céard, cad, a déarfá le cluiche cártaí? Well, what about it? (i) nach cuma faoi! cén dochar! (ii) agus más ea féin? (iii) agus céard atá le rá agat faoi? What for? cad chuige? cad ina thaobh? What on earth for? cad chuige sa tubaiste? What did you expect? cad leis a raibh súil agat. 3 (Exclamatory) a What he has suffered! nach é a fuair a chéasadh! What next! a leithéid! chluin Dia sinn! b'ait liom sin! b What! He means to marry her! cumhdach Dé orainn! an bhfuil sé ag brath ar a pósadh! What! Are you still here? cad seo! anseo fós duit?
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I abide by what I said, seasaim leis an méid a dúras,
About what? What about? cad faoi?
What is it all about? cad is bun, cúis, leis?
What about my book? cad mar gheall ar mo leabhar?
What were you about to say? céard a bhí tú ag brath a rá?
He knows what he is about, tá fios a ghnó aige.
What are you about? cad é atá ar siúl agat?
Mind what you are about, tabhair aire do do ghnó.
That is not what I am accustomed to, (i) ní hé sin a chleacht mé riamh; (ii) níl an nós sin agam.
What is your address? cá bhfuil tú i do chónaí?
I adhere to what I said, tá mé ag coinneáil, ag seasamh, leis an rud a dúirt mé.
What do you advise me to do? cad é a mholfá dom a dhéanamh?
What had remained afloat, an méid a d'fhan ar an snámh.
What is he after? (i) cad é atá ina cheann? (ii) cad é atá sé a thóraíocht?
I see what you're after, tuigim cad é atá fút.
F: What's his name again? cén t-ainm seo atá air?
What age are you? cá haois thú? cén aois thú?
What ails you? cad é atá ort?
What are you aiming at? cad é an cuspóir atá romhat (féin) agat?
What providence allotted to him, an rud a gheall an chinniúint dó.
What is the amount of it? cé mhéad atá ann?
I don't know what my debts amount to, níl a fhios agam cé mhéad fiacha atá orm.
What an awful scoundrel! nach é an bithiúnach críochnaithe é!
What awful weather! a leithéid d'aimsir mhillteanach!
What is it? (i) céard é féin? (ii) céard tá uait?
What he did was to shout out, is é rud, séard, a rinne sé (ná) béic a chur as.
What is to be done? céard tá le déanamh?
F: What a bear!, a leithéid de amhlóir!
That bears out what I have said, tá sin ag cur leis an rud a dúirt mé.
What a beast!, a leithéid de bhrúid!
What beastly weather! a leithéid d'aimsir ghránna!
What has become of John? cad is cor do Sheán?
What is behind all this? céard atá ar a chúl seo? céard is bunúdar leis seo?
You must make the best of what you have, sin cnámh agat agus cuir féin feoil air.
v.i.What e'er betide, cibé ar bith a tharlós.
(Intensive) What the blazes..., cén diabhal . . ., céard sa tubaiste (atá tú a dhéanamh ansin).
P: (Intensive) What a blessed nuisance! a leithéid de chrá croí!
A. & Lit: What boots it to . . .? cad é an gar . . .?
Prov: What is bred in the bone comes out in the flesh, an rud a bheirtear sa chnámh is doiligh a bhaint as an bhfeoil.
What brought you here? céard a chas, a sheol, anseo thú?
What the future will bring forth, an rud a thiocfas leis an aimsir.
What business brought you there? cén ócáid a thug ann thú?
What business had you to tell him so? cad a thug ort a insint dó?
What could I do but invite him? cad é a bhí le déanamh agam ach cuireadh a thabhairt dó?
What do you gain by doing that?, cén mhaith dhuit é sin a dhéanamh?
He will do what he can, déanfaidh sé a bhféadfaidh sé.
What can it be? céard é féin ar chor ar bith?
John? what can he want? Seán? céard a bheadh uaidh ar chor ar bith?
I don't care what he says, is cuma liom céard a déarfas sé.
What do I care? nach cuma liom?