PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
At an angle, ar fiar, ar claonadh.
He has a bent towards it, tá claonadh aige leis, tá a thoil leis, tá luí aige leis. S.a. TOP1 I. 6.
I am disposed to believe that . . ., tá claonadh agam a chreidiúint go ...
Disposition to do sth., claonadh m chun, luí le, rud a dhéanamh.
He is strict but fair, má tá sé dian níl sé claonta.
To look on s.o. with a favourable eye, bheith claonta i leith duine.
Inclined at an angle of 45°, claonta ar uillinn 45°.
To incline to the left, claonadh ar clé.
He is that way inclined, tá an claonadh sin ann.
Ingrained prejudices, claonta (a bheadh) fite fuaite i (nduine); claonta dúchasacha.
He leans towards mercy, tá claonadh chun na trócaire ann.
To nod assent, aontú le claonadh den cheann.
To act in a partisan spirit, beartú go claonta.
A perversion of the truth, claonadh ar an bhfírinne; cur m na fírinne as a riocht.
To have a prejudice against sth., bheith claonta in aghaidh ruda roimh ré.
To be prone to sth., to do sth., claonadh a bheith agat le rud (a dhéanamh); bheith tugtha do rud (a dhéanamh).
He runs to sentimentality, tá claonadh chun maoithneachais ann.
He has suicidal tendencies, tá claonadh aige lena bhás féin a thabhairt.
Susceptibility to a disease, claonadh m chun galair, tugthacht f do ghalar.
Susceptible to a disease, claonta chun galair; tugtha do ghalar.
He was not sympathetic to the proposal, ní raibh claonadh ar bith aige leis an moladh.
To tend to do sth., claonadh m, luí m, a bheith agat le rud a dhéanamh.
Com: Prices show a strong upward tendency, tá claonadh láidir chun ardaithe faoi phraghsanna.
To tilt (up), claonadh in airde.
To tilt down, claonadh anuas.
To tilt backwards, claonadh ar gcúl.
He has a tendency to do it, tá claonadh chun a dhéanta aige.
Fin: The prevailing tone, an claonadh ginearálta.
Turn of the scale, claonadh m na scálaí.
Mental twist, claonadh m, saobhadh m (intinne).
Prices show an upward tendency, tá claonadh chun daoire ag praghsanna, tá praghsanna ag ardú beagán.
To wander from the right way, claonadh ón mbealach ceart.