EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fast1, s. 1 I have not yet broken my fast, táim ar céalacan fós. 2 (Abstaining from certain foods) Troscadh m.
fast2, v.i. a Staonaim(from, ó); troscaim(from, ar). I went there fasting next morning, chuas ann ar mo chéalacan an mhaidin dar gcionn. Med: 'To be taken fasting', 'le tógáil ar céalacan'. b Ecc: Troscaim.
fast3 . a. I 1 a Daingean, docht, teann; (of grip, hold, knot) doscaoilte. Fast pulley, ulóg f shuite. Feet fast in the mud, cosa i bhfostú sa lathach. To make a rope fast, rópa a cheangal go daingean. To have fast hold of sth., greim docht daingean a bheith agat ar rud. Fast friends, cairde seasmhacha. b Nau: Feistithe. To make a boat fast, bád a fheistiú. Abs.To make fast, feistiú. c (Of door, etc.) Daingnithe, dúnta go daingean. d (Of colour) Buan, seasmhach, marthanach. 2 a Mear, tapaidh, sciobtha. Fast train, traein luais. b Fast billiard-table, bord éasca billéardaí. 3 (Of clock, watch) Luath, mear. 4 (Of pers.) Aerach, guagach. The fast set, lucht m ragamála. II ► fast, adv. 1 Go docht, go daingean, go diongbháilte. To hold fast, greim daingean a choimeád. To stand fast, seasamh go daingean diongbháilte. To stick fast, (i) cloí go docht, daingean; (ii) greamú go docht, daingean. To sleep fast, codladh go sámh. 2 Go mear, go gasta, go tapaidh. Not so fast! tóg bog é! go réidh! It is raining fast, tá sé ag báisteach go trom.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To make a boat fast (close) alongside a ship, bád a cheangal do thaobh loinge.
He is fast, sound, asleep, tá sé ina chnap codlata.
To make a boat fast astern, bád a cheangal as a deireadh.
Blows fell thick and fast, bhí na buillí dá mbualadh go tiubh téirimeach.
To boil fast, fiuchadh go láidir.
To break one's fast, an céalacan a bhriseadh.
Ecc: Dispensation from fasting, dispeansáid f ó throscadh.
It started to rain, faster than ever, tháinig an bháisteach níos tréine ná riamh.
Hard and fast rules, rialacha daingne.
We shall have to walk faster, caithfimid ár gcoiscéim a ghéarú.
She hurried home as fast as she could, bhain sí an baile amach chomh tiubh géar agus tháinig léi.
I ran as fast as my legs could carry me, ritheas chomh géar agus a bhí sé i mo chosa.
No matter how fast you run you will not catch him, dá mhire rithfeas tú ní bhéarfaidh tú air.
F: He was off as fast as he could pelt it, d'imigh sé an méid a bhí ina chosa.
It is raining fast, tá sé ag cur go trom.
To row a fast stroke, buille tapaidh a tharraingt.
Fast-sailing ship, soitheach gasta.
To stand fast, seasamh teann.
(Of boat) To stick fast, suí; dul i dtalamh.
His blows fell thick and fast, bhuail sé cith buillí (air).
Light travels faster than sound, is luaithe a ghluaiseann an solas ná an fhuaim.
He is a fast, good, walker, is maith an coisí é.
Colours warranted fast, dathanna a bhfuil urra buaine leo.