Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: sick · slick · snick · stack · stice
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for stick »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
stick1, s. 1 a Bata m, maide m. F: To cut one's stick, é a thabhairt do na boinn. He got the stick, fuair sé dualgas an tslisne, na slaite. The big stick, an lámh láidir. S.a. CLEAVE1 1 Hort: Hop sticks, tacaí mpl leannlusa. b Walking stick, maide m, bata m (siúil). Loaded stick, smachtín m, cleith f ailpín. c Cos f (scuaibe). Stick of violin bow, adhmad m bogha. Av: Direction stick, maide stiúrach. d Sp: Camán m; maide m (gailf). e Cipir m. To gather sticks, brosna m a chruinniú. Cherry stick, cipín m (silín). S.a. ORANGE-STICK. F: Not a stick was saved, níor sábháladh faic na fríde. Without a stick of furniture, gan aon bhall amháin trioca. f Typ: Composing stick, slat f eagair. 2 a F: (Of pers.) Queer stick, breac aisteach. Old stick, seanchnádán m. b Dobhán m. 3 Bata m (siúcra); El: bata m (carbóin). Stick sulphur, ruibh bhata. S.a. LIPSTICK, SHAVING-STICK. 4 Stick of celery, craobh shoilire. Stick of rhubarb, gas m biabhóige.
stick2, I v.tr. 1 a Sáim(into, i). To stick a dagger into s.o., miodóg a chur i nduine; duine a shá le miodóg. To stick a stake in the ground, cuaille a shá sa talamh. To stick a pin through sth., biorán a chur i rud. Cushion stuck full of pins, cúisín faoi bhioráin ar fad. b To stick s.o., duine a shá. To stick s.o. with a bayonet, beaignit a chur i nduine. To stick a pig, muc a shá. c To stick sth. on a spike, rud a chur ar spíce. 2 F: To stick a rose in one's button-hole, rós a chur i do lúbóg. Stick on your hat, buail ort do hata. To stick a candle in a bottle, coinneal a shacadh i mbuidéal. Stick it in your pocket, sac síos i do phóca é. Stick in a few commas, caith isteach cúpla camóg. 3 Greamaím. To stick photographs in a book, grianghrafa a ghreamú i leabhar. Trunk stuck all over with labels, trunc breactha le lipéid. 4 F: Fulaingím, seasaim. I can't stick him, ní thig liom a sheasamh, cur suas leis, broic leis. 5 Hort: Tacaím, cuirim tacaí le (planda, etc.). II v.i. 1 Greamaíonn, téann i bhfostú(in, i). The arrows stuck in it, ghreamaigh na saigheada ann. 2 a Greamaíonn, ceanglaíonn. It stuck to my tongue, lean, cheangail, sé do mo theanga. The vegetables have stuck to the pot, tá na glasraí ceangailte don phota. The name stuck to him, lean an t-ainm dó. It sticks like pitch, greamaíonn sé mar a ghreamódh pic. To stick by, to, a friend, seasamh le cara. He has stuck to me, d'fhan sé dílis dom. To stick together, cur le chéile. To stick like a limpet, like a leech, like glue, like a burr (to s.o.), greamú do dhuine mar a bheadh bairneach. He stuck to his post, sheas sé an fód. He stuck to his work, chloígh sé lena chuid oibre. Stick to it, lean de, coinnigh ort leis. He stuck to his guns, chuir sé cos i bhfeac. To stick to facts, fanacht i mbun na fírinne. He sticks to it, ní féidir é a bhogadh. b To stick to sth., do ghreim a choinneáil ar rud. Stick to what you've got, coinnigh a bhfuil agat. c F: Fanaim, leanaim. Here I am and here I stick, anseo atá mé agus anseo a bhead. He sticks to his room, ní fhágann sé a sheomra. 3 a To stick, to become stuck, dul ceangailte, i bhfostú, i ngreim (i ndoras, etc.); dul in achrann (i sceacha); dul i mbá, in abar (i bportach). (Of boat) To stick fast, suí; dul i dtalamh. To stick in a speech, cliseadh, dul in aimhréidhe, in óráid. v.tr. P: That problem sticks me, tá mé buailte ag an gceist sin. Sch: I got stuck in history, d'fheall an stair orm. b (To be caught, jammed) Téann i bhfostú, i ngreamú. Aut: (Of valve, etc.) Plúchann. The switch was stuck, ní bhogfadh an lasc. It sticks in my throat, téann díom a shlogadh. The words stuck in my throat, sheas an focal i mo bhéal. The lift is stuck, tá ainghléas ar an ardaitheoir. P: To be stuck, bheith i sáinn.
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He armed himself with a stick, thug sé leis bata.
To beat s.o. with a stick, duine a bhualadh le bata, gabháil de mhaide ar dhuine.
To stick bills on a wall, duilleoga a chur ar bhalla.
Cleft stick, sliotán m, scoilteán m.
He is in a cleft stick, tá sé sáinnithe.
He stuck to his colours, sheas sé lena chuid tuairimí.
Composing-stick, slat f eagair.
He is as cross as two sticks, as a bear, tá sé chomh cantalach le dris.
F: He has the right end of the stick, is aige atá ceann éadrom an scéil.
To get, have, hold of the wrong end of the stick, ciall chontráilte a bhaint as an scéal.
To stick to facts, cloí leis an bhfírinne.
To stick fast, (i) cloí go docht, daingean; (ii) greamú go docht, daingean.
To gather sticks (for firewood), brosna a bhailiú.
F: That sticks in my gizzard, ní thaitníonn an saghas sin ruda liom.
Th: Stick of grease-paint, cipín m gréisclí.
Green-stick (fracture), leathbhriseadh m.
Hurley(-stick), camán m.
Gummed label, stick-on label, lipéad greamaitheach.
Let the shoemaker stick to his last, is namhaid an cheird gan í a fhoghlaim.
To lay a stick on s.o.'s back, to lay into s.o., bata a thabhairt do dhuine.
He stuck to me like a leech, bhí sé ceangailte ionam mar bheadh liodán liosta.
He lunged at me with his walking-stick, thug sé amas dá bhata siúil orm.
They looked at one another like stuck pigs, bhí scéin an bhainbh dhóite iontu ag breathnú ar a chéile.
To make play with one's stick, do mhaide a bheartú.
To play with one's stick, bheith ag méaradrú ar do bhata.
To poke at sth. with a stick, bheith ag priocadh ruda le maide.
Polo stick, mallet, maide m póló.
Rat(t)an walking-stick, cána ratáin.
We must stick to realities, caithfimid cloí leis an bhfírinne.
To shoe a stick, bianna a chur ar bhata.
To stick at doing sth., loiceadh roimh rud.
He sticks at nothing, níl scrupall ar bith ann.
To stick at a task for six hours, fanacht i gceann oibre gan stad ar feadh sé huaire an chloig.
Stick it down anywhere, caith, buail, ansin in áit ar bith é.
To stick sth. down in a notebook, rud a bhreacadh síos i leabhar nótaí.
To stick down an envelope, clúdach a ghreamú.
Stick-on label, lipéad greamaithe.
He stuck out his tongue, chuir sé a theanga amach.
To stick it out, fulaingt go deireadh.
To stick out beyond sth., gobadh amach thar rud.
F: To stick out for it, cos a chur i dtaca á iarraidh.
He stuck out for twenty pounds, ní ghlacfadh sé pingin faoi bhun fiche punt.
To stick up a notice, fógra a chur suas.
His hair sticks up, tá an ghruaig ina seasamh air.
To stick up for s.o., dul i leith duine; duine a chosaint.
To stick up to s.o., an fód a sheasamh in aghaidh duine.
To stick to one's text, cloí le hábhar.
She stuck to him through thick and thin, d'fhan sí dílis dó mín agus garbh.
To threaten s.o. with a stick, an maide a bheartú chun duine.
Ivory-topped walking stick, maide m siúil ceann eabhair.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News