Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: gathers · gaethe · gaiter · garter · gate
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for gather »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
gather. I v.tr 1 a Cruinním, bailím; cnuasaím (rudaí). Gather your thoughts, cruinnigh do mheabhair. He gathered all his strength to raise the stone, chuir sé a neart ar fad leis an gcloch á tógáil. b Crapaim suas, cuirim le chéile (páipéir, etc.). She gathered (up) her hair into a knot, rinne sí cocán dá gruaig; chuach sí in airde a cuid gruaige i gcúilín. She gathered up her skirts, thrusáil sí a cótaí. Fb: To gather the ball, breith ar an liathróid. c Bainim (bláthanna, sméara, cnónna, etc.). To gather in the harvest, an fómhar a chur isteach; an fómhar a tharlú. To gather sticks (for firewood), brosna a bhailiú. To gather provisions, lón a sholáthar. To gather taxes, cánacha a bhailiú. d He gathered himself, rinne sé ceirtlín de féin; chonlaigh sé é féin. He gathered himself together for the spring, chuir sé fuinneamh ann féin chun na léime. 2 To gather speed, géarú ar an luas. (Of invalid) To gather strength, dul i láidreacht. The storm gathered force, threisigh ar an stoirm. 3 a Fáiscim. She gathered her shawl about her, tharraing sí an seál aniar uirthi féin. b Needlew: To gather a skirt, sciorta a chruinniú. 4 Tuigim, déanaim amach. I gather from the papers that he has failed, tá mé ag déanamh amach de réir na bpáipéar gur theip air. As will be gathered from the enclosed letter, mar a thuigfear ón litir atá istigh. II v.i. 1 (Of pers.) a Cruinníonn, bailíonn. To gather round the fire, cruinniú ar an tine. Gather round! druidigí isteach! déanaigí fáinne! b Tagann (daoine) ina sluaite. 2 (Of thgs.) Cnuasaíonn. a A storm is gathering, tá sé ag tolgadh, ag tórmach, chun stoirme. b In the gathering darkness, agus é ag dorchú go tiubh; le faobhar na hoíche. The story gathered like a snowball, d'adaigh gach aon duine leis an scéal. 3 Med: (Of wound) Déanann ábhar; tagann braon i. (Of abscess) It is gathering to a head, tá sé ag aibiú; tá gor ann.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The gathering flavours of conspiracy, tá cosúlacht uisce faoi thalamh ar an gcruinniú.
Friendly gathering, cuideachta cairde.
A gathered finger, méar f a mbeadh ábhar déanta aici.
Gathering (in) of the crop, tarlú an fhómhair.
At Christmas there was a family gathering in the old house, faoi Nollaig bhí an mhuintir go léir bailithe sa seanteach.
To come to a head, to gather to a head, teacht chun cinn.
To gather head, (i) (of flood) bheith ag éirí; (ii) (of discontentment) teacht chun cinn, borradh.
Nau: To gather, fetch, headway, siúl a thógáil.
To gather in masses, cruinniú ina sluaite.
To form a mob, to gather into a mob, plódú le chéile.
Gathering nuts, cnóireacht f.
To gather pace, siúl a thógáil; géarú sa siúl.
A rolling stone gathers no moss, ní bhíonn siúlach sách.
To gather stern-way, dul ar gcúl, cúlú.
To gather sticks, brosna m a chruinniú.
To gather together, (i) (rudaí) a bhailiú, a chruinniú; (ii) (of people) teacht le chéile, cruinniú.
To gather way, siúl a thógáil.
Your wits have gone wool-gathering, tá do mheabhair ar fán uait.
You've been wool-gathering, ag taibhreamh a bhí tú! speabhraídí atá ort!
You are wool-gathering, tá do chiall ar seachrán uait.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News