EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fitting1, a. 1 Cuí, oiriúnach, feiliúnach. Fitting remark, focal tráthúil. 2 Well-fitting garment, ball luiteach, ball tomhaisiúil (éadaigh). Easy-fitting, luchtúil, a bhfuil fuílleach slí ann. ► fittingly, adv. Go cuí, etc.
fitting2, s. 1 Cóiriú m, feistiú m (i bhfearas, in ionad). Fitting (up, together) of a machine, gléasadh m innill; cur m innill i bhfearas. Fitting (on) (of clothes), tástáil (éadaí). Fitting room, seomra tástála. 2 Usu. pl. Fearais mpl, trealamh m (ceárta, innill, etc.); feisteas m, córacha fpl (tí, seomra, etc.). Brass fittings, gleothálacha fpl práis.