Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: forard · forar · forewarn · foreword · formad
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for forward »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
forward1 . I a. 1 a Attrib. Nau: Chun tosaigh. b (Gluaiseacht) chun cinn, chun tosaigh, ar aghaidh. Forward motion, gluaiseacht ar aghaidh. The forward journey, an turas amach. Fb: Forward pass, caitheamh m chun tosaigh. 2 (Of plants) Luathbhorrtha; tagtha chun cinn, luath (of children) chun cinn (ar scoil); seanchríonna; 3 (Of opinion) Dána, chun tosaigh (ar an gcoitiantacht). 4 Buanúil, dána, urrúsach, teanntásach. 5 Com: (Of price, delivery) Ar ionchas, le teacht. II   forward, s. Fb: (Pers.) Tosaí m. III   forward, adv. 1 a From that day forward, ón lá sin amach. He is looking forward to it very much, tá a shúil go mór leis; is fada leis a theacht. b Bank: 'Forward' rates, rátaí ionchais. 2 a Chun cinn, chun tosaigh, ar aghaidh. To move forward, druidim chun cinn. To go straight forward, imeacht cruinn díreach ar aghaidh. He went straight forward, ghluais sé díreach roimhe. He rushed forward, thug sé ruathar chun tosaigh. Forward! ar aghaidh! b (Áit) chun tosaigh, ar tosach, i dtosach (báid, etc.). The seat is too far forward, tá an suíochán rómhór chun tosaigh. Fb: He plays forward, imríonn sé ar na tosaithe. The crew's quarters are forward, tá ceathrú an chriú chun tosaigh c Com: (Carried) forward, tugtha ar aghaidh. He came forward, tháinig sé chun tosaigh; chuir sé in iúl go raibh sé toilteanach (an beart a dhéanamh). He thrusts, pushes, himself forward, bíonn sé á bhrú féin chun cinn, á chur féin in iúl.
forward2, v.tr. 1 Cuirim (beartas) ar aghaidh, chun cinn, chun tosaigh; cuidím le. 2 a Seolaim, cuirim (earraí) ar aghaidh, chun siúil. To forward sth. to s.o., rud a sheoladh chun duine. b 'To be forwarded', 'please forward', 'ar aghaidh, le do thoil'.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Backwards and forwards, siar is aniar.
Balance carried forward, fuílleach m anonn.
To berth forward, aft, luí i dtosach, i ndeireadh.
Com: To bring forward a sum, suim a thabhairt chun tosaigh.
Brought forward, anall.
Carriage forward, iompar m le n-íoc.
Book-k: To carry an item forward, iontráil a thabhairt ar aghaidh.
To come forward as a candidate, dul chun cinn mar iarrthóir; dul isteach mar iarrthóir ar . . .
They were craning forward, bhí siad ag síneadh a muineál amach.
He made a dash forward, thug sé seáp chun tosaigh.
Fb: To feed the forwards, soláthar do na tosaithe.
To put one's best foot forward, (i) géarú sa siúl; géarú ar an gcoisíocht; (ii) do dhícheall a dhéanamh.
Nau: Let go forward! lig uait romhat!
The work is going forward, tá an obair ag dul chun cinn.
What is going forward? cad tá ar bun?
I am looking forward to it, táim ag súil, ag tnúth, leis; is fada liom uaim é.
To lunge forward, réabadh, ropadh, chun cinn.
To bring forward a motion, tairiscint a mholadh.
To plunge forward, ruathar chun tosaigh a thabhairt.
To push oneself (forward), tú féin a bhrú, a shá, chun cinn.
To put oneself forward, tú féin a chur chun cinn; tú féin a chur in iúl.
F: To put one's best foot forward, (i) géarú sa siúl; (ii) do dhícheall a dhéanamh.
To sap forward, trinsí a bhrú chun tosaigh.
(Of writing) To slope forward, backward, bheith ag luí chun tosaigh, chun deiridh.
Sp: Speedy forwards, tosaithe gasta, meara.
That is a great step forward, sin céim mhaith ar aghaidh.
To thrust oneself forward, tú féin a shá chun tosaigh.
To urge a horse forward, capall a bhroidiú.
To urge on, forward, a piece of work, dlús a chur le hobair; obair a dheifriú.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News