EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
green, 1 a. Uaine; (of grass, sea, etc.) glas. a As green as grass, chomh gorm, glas, leis an bhféar. To grow green, dul i nglaise; glasrú. b Green arbour, lúibín ghlas choille. Green winter, geimhreadh bog, breá; geimhreadh gan sneachta. Green stuff, glasraí mpl. A green shoot, slat úr, glas. Husb: Green food, green meat, beatha ghlas; barraí glasa. c Green old age, seanaois chruachúiseach, fhriochanta. To keep s.o.'s memory green, cuimhne duine a choinneáil beo, buan. A memory that is still green, buanchuimhne. d Green fruit, torthaí glasa. Green corn, arbhar glas, geamhar m. Green wood, connadh m úr. Tan: Green hide, amhsheithe f. Green bacon, bagún gan leasú, gan deatú. e (Of complexion) Mílítheach. He went, turned green, tháinig dath na hiompáil lí air; d'iompaigh an lí ann. S.a. ENVY1 1 f (i) Óg, núíosach (ii) Simplí, aineolach. He is green! níl sé i bhfad ar an obair, níl sé ach tais, glas, ar an ngnó. He is not so green, ní haon leanbh ó aréir é. 2 s. & a. Grass-green, (i) s. glaise f an fhéir; (ii) a. glas, féaruaine. Sage-green, (i) s. glaise f na sáiste; (ii) a. liathghlas. S.a. BOTTLE-GREEN, OLIVE-GREEN. 3 s. a The greens of a picture, uainí fpl pictiúir. F: Do you see any green in my eye? nach bog a mheasfá mé a bheith? Nach leamh atá mo cheann orm? b pl. Glasraí mpl c Faiche f, báinseach f, fód m glas. The village green, faiche an bhaile. Fair green, páirc f an aonaigh. Golf: The (putting-)green, an phlásóg f amais. Turf: The green, an phlásóg.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He would believe the moon is made of green cheese, chreidfeadh sé gur éirigh tú ó mhairbh.
Shore crab, green crab, portán glas.
To be green with envy, bheith ite ag éad.
He looked green about the gills, bhí dath na hiompáil lí air; d'iompaigh an lí ann, tháinig drochdhath air (faoi bhun na gcluas).
Green-stick (fracture), leathbhriseadh m.
Green light, red light, solas uaine, dearg.
Green linnet, gealbhan m glas.
The black hat costs more than the green one, is daoire an hata dubh ná an hata glas.
Pick the ripe berries and leave the green ones, bain na caora atá aibí agus fág na rudaí glasa.
To paint a door green, péint ghlas a chur ar dhoras.
Pale green, uaine éadrom.
Cu: Green peas, pis ghlas.
Blue that shades off into green, gorm atá ag dul chun glaise de réir a chéile.
Blue tending to green, gorm agus imir ghlas ann.
Mrs. Green, widow of the late John Green, baintreach Sheáin Mhic Ghrianna.
Yellowish white, red, green, etc., buíbhán, buídhearg, buíghlas, etc.