EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
inside. 1 s. a An taobh m istigh (de shoitheach, de bhall éadaigh). On the inside, ar an taobh istigh. To walk on the inside of the pavement, siúl ar an taobh istigh den chosán. He knows the inside of the affair, tá bun an scéil aige. To turn sth. inside out, an taobh contráilte de rud a chur amach. To turn everything inside out, gach rud a chur bunoscionn. He knows it inside out, tá sé ar bharr a mhéar aige. b F: I have pains in my inside, tá pianta i mo bholg. c Fb: The insides, na fir láir. 2 a. To be on the inside track, (i) Rac: bheith ar an raon istigh; (ii) F: an buntáiste a bheith agat. Fb: Inside left, an clé istigh. Inside information, eolas m rúnda. I speak with inside knowledge, agus ní scéal scéil atá agam air. 3 adv. a There is nothing inside, níl rud ar bith taobh istigh ann. Walk inside! tar isteach. Inside and out, istigh agus amuigh. b Inside a month, laistigh de mhí; in achar is giorra ná mí; (in future) as seo go ceann míosa. 4 prep. Istigh i (dteach).
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Inside breast-pocket, póca ascaille.
The door locks on the inside, tá glas an dorais ar an taobh istigh.
Const: Inside, outside, measurement, tomhas istigh, amuigh.
To turn a garment inside out, ball éadaigh a iompú (taobh tuathail) amach.