Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aill · bill · cill · dill · éill
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for kill »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
kill1, s. a Ven: Marú m (sionnaigh). b Seilg f.
kill2, v.tr. 1 a Básaím, maraím (duine, ainmhí). Kill or cure remedy, leigheas a thugann bás nó beatha. To be hard to kill, bheith deacair a bhású, a mharú. To kill two birds with one stone, an dá chúram a dhéanamh in éineacht. To kill s.o. with kindness, droim an bhacaigh a bhriseadh le déirc. You are killing me by inches, tá tú do mo mharú de réir a chéile. He was laughing fit to kill himself, bhí sé ag briseadh a chroí ag gáire. She was dressed to kill, bhí culaith uirthi a bhainfeadh an t-amharc as an tsúil agat. b (Of butcher) Maraíonn (ainmhí). Abs. The butcher kills on Friday, ar an Aoine a mharaíonn an búistéir. 2 To kill time, aimsir a mheilt, a chur faoi bhruth. 3 a Múchaim (torann). b To kill lime, aol a theilgean. c Phot: To kill the hypo, an foshuilfít a dhíobhadh. 4 Ten: Fágaim (liathróid) marbh.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: To account for (=kill) s.o., duine a chur i leataobh; cos i bpoll a chur le duine.
He was killed in action, thit sé sa ghleo.
(i) He was killed, maraíodh é.
He struck, killed, him stone dead, leag sé mín marbh é.
Done up to kill, gléasta mar ghaige, gléasta go péacach.
He just escaped being killed, ba ródhóbair go marófaí é.
To kill the fatted calf, an lao biata a mharú.
He got killed, maraíodh é.
F: Killing glance, súil threascrach.
Germ-killing, bithnimhneach.
F: It is too killing for words, tá sé rósheafóideach ar fad.
They were killed to a man, maraíodh gach uile fhear riamh acu.
He narrowly, just, missed being killed, dóbair go marófaí é; chuaigh sé faoi aon dá mharú.
It is enough to kill one, mharódh sé thú.
He was killed outright, maraíodh ar áit na mbonn é.
Thou shalt not kill, ná déan marú.
The shock killed him, an scanradh a mharaigh é.
He was killed on the spot, maraíodh tur te é.
You stand in danger of getting killed, tá tú i gcontúirt do mharaithe.
He thought to kill her, shíl sé í a mharú.
They were killed to a man, maraíodh go fiú an fhir iad.
I wonder he did not kill you, is ionadh liom nár mharaigh sé thú.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News