Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: laobh · leaba
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: To account for (=kill) s.o., duine a chur i leataobh; cos i bpoll a chur le duine.
Allotment of money for a purpose, cur airgid i leataobh le rud a chur i gcrích.
I want to speak to you alone, ba mhaith liom labhairt leat i leataobh.
To take s.o. apart, duine a thabhairt i leataobh.
Put it aside, fág i leataobh é.
To stand aside, seasamh i leataobh.
He turned away with an assumption of indifference, d'iompaigh sé i leataobh is é ag ligean neamhshuime air féin.
With his hat a-tilt, agus a hata ar leataobh a chinn.
To bestow sth., somewhere, rud a chur do leataobh in áit éigin.
He kept by himself, d'fhan sé i leataobh.
(Aside) To lay, put, set, sth. by, rud a chur i leataobh, i dtaisce.
I divest myself of my right, cuirim mo cheart i leataobh.
The crowd drew to one side, dhruid an slua i leataobh.
To ear-mark funds, suim airgid a chur i leataobh, in áirithe (for, do).
A cake had been set aside for me, bhí císte curtha i leataobh dom.
Left-off clothing, balcaisí fpl (a bheadh) caite i leataobh; seanéadaí mpl.
The boat took a list, luigh an bád ar a leataobh.
Off the main road, i leataobh ón mbóthar mór.
To talk to s.o. in private, labhairt le duine i leataobh, os íseal.
(Of car, etc.) To pull over to one side, druidim i leataobh.
To set sth. apart, rud a chur i leataobh.
To move to one side, druidim i leataobh.
To put sth. on one side, rud a chur i leataobh.
Sidelong look, amharc i leataobh, claonamharc; amharc i ndiaidh an leicinn.
He walks sideways, tá leataobh air.
He walks with a slouch, tá leataobh, sleabhac, air ag siúl.
He stepped aside so that I might enter, dhruid sé i leataobh sa chruth go, i dtreo go, sa chaoi go, bhféadfainn dul isteach.
To start aside, preabadh i leataobh.
Med: Stitch (in the side), arraing f (sa leataobh).
To the suspension of all other business, le gach uile ghnó eile a chur i leataobh, ar cairde.
It tilted over, (i) chlaon sé i leataobh; (ii) d'iompaigh sé droim ar ais.
To save towards the children's education, airgead a chur i leataobh d'oideachas na bpáistí.
To tuck (away) sth. in a drawer, rud a chur i leataobh i dtarraiceán.
To pursue an unswerving course, gan iompú i leataobh ón gcúrsa.
To ward off a blow, buille a chosc, a chur i leataobh.
To wave s.o. aside, bagairt i leataobh ar dhuine.
F: To put s.o. out of the way, duine a chur i leataobh.
To keep out of the way, fanacht ar leataobh, ar gcúl.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News