PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I'm fifty pounds to the bad as a result of it, tá mé leathchéad punt thíos leis.
To be close on fifty, a bheith ag bordáil ar an leathchéad; a bheith i ndáil le leathchéad.
He is fifty, tá an leathchéad aige.
To be going fifty, bheith ag druidim leis an leathchéad.
Hamlet of fifty homes, baile beag agus leathchéad cónaí ann.
Forty odd thousand, idir daichead agus leathchéad míle.
He is over fifty, tá an leathchéad sáraithe aige.
He is passed fifty, tá sé thar an leathchéad.
He is somewhere about fifty, tá sé amuigh is istigh ar, suas agus anuas leis, an leathchéad.
(Of expenses, etc.) To tot up to fifty pounds, leathchéad punt a dhéanamh.
It totals, totals up to, fifty pounds, déanann sé leathchéad punt; leathchéad punt an t-iomlán.
He was fined to the tune of fifty pounds, cánadh leathchéad punt é.