PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A knife and fork, scian agus forc.
F: An apology for a knife, ainm m scine.
Knife with a keen edge on it, scian ghéar.
To take the edge off sth., rud (scian, an goile) a mhaolú.
F: To play with edged tools, bheith ag súgradh le sceana géara.
Take the knife from that child, bain an scian den leanbh sin.
He got out his knife, pipe, tharraing sé amach a scian, a phíopa.
He grabbed a knife from the table, shnap, thapaigh, sé scian den bhord.
A black-handled knife, scian coise duibhe.
Hunting knife, scian sealgaire.
'Hand me the knife (hammer)' -- 'Where is it?' 'sín chugam an scian (casúr)' -- 'Cá bhfuil sí (sé)?'
‘Is it the good knife (hammer)?’ -- 'It is,’ ‘an í an scian mhaith í?’ -- 'is í’; ‘an é an casúr maith é?’-- ‘is é.’
Acc.He grasped the knife (hammer) and took it from her, rug sé ar an scian (ar an gcasúr) agus bhain di í (é).
He broke the knife (hammer) when he was cleaning it, bhris sé an scian (casúr) nuair a bhí sé á glanadh (ghlanadh).
Here is your knife (hammer), I cannot clean it, seo dhuit do scian (do chasúr), ní féidir liom a glanadh (ghlanadh).
Table-knife, scian bhoird, scian cháis.
Carving knife, scian feola, ceirbhéar m.
Pen-knife, pocket-knife, scian phóca.
Surg: The knife, an scian.
To resort to the knife, dul i muinín na scine.
I haven't a knife, have you got one? nil aon scian agam, an bhfuil ceann agatsa?
To operate on s.o., duine a chur faoi scian; obráid a dhéanamh ar dhuine.
To undergo an operation, dul faoi scian.
He pulled out a knife, tharraing sé amach scian.
It is raining cats and dogs, tá sé ag caitheamh sceana gréasaí.
What are you selling the knives at? cé mhéad atá ar na sceana agat?
Set of knives, cur m scian.
To strike a knife into s.o.'s heart, scian a shá i gcroí duine. v.tr. & abs.
Take the knife away from the child, bain an scian den leanbh.
To thrust a knife into s.o.'s back, scian a shá sa droim ag duine.
The knife left no trace on it, níor fhág an scian lorg ar bith air.
Knife with a silver handle, scian faoina cois airgid; scian chos airgid.
To cut sth. with a knife, rud a ghearradh le scian.
To fight with knives, troid le sceana.