PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They cost me a shilling apiece, scilling an ceann a thug mé orthu.
He gave them a shilling apiece, thug sé scilling an duine dóibh.
At two shillings a pound, ar dhá scilling an punt.
It is seven shillings a pound, tá sé seacht scilling an punt.
F: We'll call it three shillings, déanfaidh muid trí scilling de.
The total comes to ten shillings, deich scilling an t-iomlán.
F: The widow's cruse, sparán na scillinge.
He cut her off with a shilling, níor fhág sé aici ach an scilling.
I gave him a shilling as the others had done, thug mise scilling dó, mar a thug an mhuintir eile.
They cost a shilling each, cosnaíonn siad scilling an ceann.
Rent (of lodgings) fifteen shillings a week exclusive, cíos (lóistín) cúig scilling déag sa tseachtain gan cothú.
To fine s.o., a shilling, duine a chánadh scilling.
Eggs from a shilling a dozen, uibheacha ó scilling an dosaen (suas); uibheacha ar scilling an dosaen agus as sin suas.
The price has been increased from sixpence to a shilling, hardaíodh an luach ó réal go scilling.
He will give you a shilling for it, if that, tabharfaidh sé scilling duit air, má thugann.
To pay two shillings in the pound, dhá scilling sa phunt, as an bpunt, a íoc.
Ten shillings a day and his keep, deich scilling sa lá agus a chothú.
Cards: A shilling is the limit, scilling an chailc.
I’ll allow five per cent. off for ready money, ligfidh mé síos scilling sa phunt ar a gceannófar ar airgead.
I owe you a shilling, tá scilling agat orm.
To pay s.o. ten shillings, deich scilling a íoc le duine.
On payment of five shillings, ach cúig scilling a íoc.
Penny-wise and pound-foolish, tíos na pingine agus cur amú na scillinge.
One shilling per pound, scilling an punt.
Ten shillings per day, deich scilling sa lá.
To pick up a shilling, (i) scilling a thógáil; (ii) scilling a shaothrú.
Butter at three shillings a pound, im ar thrí scilling an punt.
(Of bankrupt) To pay ten shillings in the pound, deich scilling sa phunt a íoc.
The book is priced at four shillings net, ceithre scilling glan fiacha an leabhair.
He sold it to me for ten shillings, dhíol sé liom ar dheich scilling é.
(Shilling) shocker, scéal m scéine (ar scilling).
I am five shillings short, tá mé cúig scillinge easpach.
Quite so! just so! go díreach glan! A shilling or so, scilling nó faoin tuairim sin.
I have still five shillings, tá cúig scillinge fágtha agam.
I will bet you ten shillings to one, cuirfidh mé deich scilling leat in aghaidh do scillinge.
Ten shillings too much, deich scilling de bharraíocht, thar an gceart.
Give me two shillings' worth of sweets, tabhair dom luach dhá scilling de mhilseáin.