Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: céadach · déadach · éagach · éanach · réadach
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
éadach fir1 ábhar fite a ndéantar cultacha agus brait as; seolta báid (long faoi iomlán éadaigh)
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
balcaisí éadaigh, éadach stróicthe
substaint shnáithíneach as a ndéantar cláir nó éadach tinedhíonach
gan slacht (éadach amscaí); gan chúram (obair amscaí)
pór gabhar, cat nó coiníní a bhfuil clúmh fada orthu; snáth nó éadach a dhéantar as an gclúmh sin
ón áit thuas; íslithe (tá luach an stoic anuas); i dtagairt (ní mise a tharraing a ainm anuas); ar bharr (cuir éadach anuas air); sa mhullach (tá m'athair anuas orm)
beart faoi ascaill; triantán éadaigh curtha isteach in ascaill cóta etc. chun é a líonadh amach
éadach atá caite i leataobh
na héadaí agus na rudaí eile a thugann duine leis ar aistear
éadach olla; flainín
ball éadaigh; ceirt, giobal
smál leata ar an gcraiceann nó ar pháipéar nó éadach
píosa éadaigh nó ábhair eile le rudaí a choinneáil i gceann a chéile
(le héadach) lom; scáinte
píosa éadaigh a chuirtear faoi smig linbh lena bhrollach a choinneáil glan; naprún beag
cluiche a imrítear le cleathóg agus trí liathróid ar bhord a bhfuil éadach mín glas air agus pócaí ar a chúinní agus ar a dhá thaobh
píosa éadaigh a chastar thart ar ghortú nó ar chneá
ball éadaigh ar nós léine a chaitheann bean ar a cabhail
scaoilte; (le héadaí, etc.) tumtha in uisce roimh a níochán
an chuid de bhall éadaigh a théann thart ar an muineál
éadach nó clúdach tanaí
leithead mór éadaigh faoi bhlaincéid sa leaba
clóca scaoilte gan muinchillí; clúdach d'uige thiubh éadaigh (brat urláir, brat staighre); clúdach ar bith (brat sneachta, brat allais)
leithead éadaigh agus dathanna éagsúla air, crochta ar cuaille (uaine, bán agus flannbhuí na dathanna atá ar bhratach na hÉireann)
giobal éadaigh
éadach olla agus patrún páircíneach ann
píosa éadaigh; bindealán; bréidín
ball éadaigh ón gcoim síos a bhfuil dhá osán air leis na cosa a chlúdach, treabhsar, triús
éadach síoda agus patrún ardaithe air
obair ghreanta déanta ar éadach le snáthaid
ornáid a bhfuil biorán agus claspa air lena chur in éadach
teas; rais ar chraiceann; clúmh beag ar bharr éadaigh, cairpéid etc.; cúr toinne
éadach garbh stalctha le guma
ball éadaigh gan muinchillí crochta ar na guaillí; bóna cóta nó casóige
snáth nó éadach a dhéantar as an gclúmh geal a fhásann ar phlanda cadáis
olann shíodúil an-bhog nó an t-éadach a dhéantar aisti
caitheamh déanta ar (éadach, airgead, caite); snoite, lom (críon caite); gafa thart, imithe (an tseachtain seo caite)
duine a chaitheann éadach, bróga, bia, tobac, airgead etc.
bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach (cé a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas nó dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais)
éadach garbh trom a úsáidtear i bpubaill agus i seolta etc., agus chun pictiúir a phéinteáil air
cineál d'éadach cadáis
bratóg éadaigh
ball éadaigh don cheann
píosa éadaigh, giobal, bratóg
cearnóg bheag éadaigh le cuimilt den tsrón nó de na súile; brat cinn nó brád
ball éadaigh scaoilte gan muinchillí, agus é níos faide ná cába
roc nó filleadh in éadach
cnap nó diosca beag chun baill éadaigh a dhúnadh; cnap beag a chuireann rud éigin ag obair nuair a bhrúitear é (ar nós cnaipí i mbosca ceoil nó ar chlóscríobhán)
ball éadaigh a dhéanamh as snáth trí lúba a dheánamh agus a cheangal le chéile le bioráin
rud a chaitear thart ar an muineál; an chuid de bhall éadaigh a théann thart ar an muineál, bóna
acht, comhaontú (conradh síochána, conradh oibre); cumann (Conradh na Gaeilge); margadh (fuair sé conradh maith san éadach sin)
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News