DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
dath dubh; drochbheart (tá an dubh ina chroí); dorchadas (ag obair ó dhubh go dubh)
(in abairt) fáilte ó chroí
ag tosú ag (ó thús go deireadh; ón taobh eile anall); a thagann as (duine ó Thrá Lí); de (d'fhógair sé ón altóir é); idir (míle ó chéile, i bhfad ón áit); ag teacht as (teas ón tine; cabhair ó Dhia); foinse (ó chroí nó ó bhéal; ná creid uaidh é); fáth, cúis (sáraithe ón lá, buí ó theas na gréine); díth (airím uaim é); gá (cad tá uait); leanúnachas (ó lá go lá, ó cheann ceann na tíre); ón uair a (ó bhí tú anseo cheana); mar gheall ar (ó tharla gur mar sin atá; ós agat atá an ceart) ó + an = ón; ó + a4 = óna; ó + is = ós; ó + ar3 = ónar; ó + ár2 = ónár
ó thaobh taobh, ó cheann ceann (ag gabháil trí Thrá Lí; dul tríd an liosta); polladh, réabadh (chuaigh an chaint trí mo chroí; ag teacht aníos tríd an talamh); ar fud (ag siúl tríd an aonach; tá an teach trí thine); measctha le (cuir ola tríd); ar feadh (tríd an oíche, tríd an stoirm ar fad); mar gheall ar (trí dhearmad a tharla sé)