EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
dada fir4 rud ar bith, neamhní, náid, faic
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
dada, faic (an bhfuil aon cheo ar siúl?)
lí nó cosúlacht ruda nuair a bhíonn solas air (dath dearg, dath buí, dath gorm, dath glas); dealramh (dath na fírinne); dada, faic (níl a dhath, aon dath, fágtha)
rud ar bith, dada (níl faic air; níl sé ag déanamh faic)
díol tairbhe nó luacha (is fiú £100 é; ní fiú dada é; níorbh fhiú é a rá); a oiread is (níl fiú na mbróg air; go fiú na pingine; gan fiú beannú dúinn); (mar dob ) (níl sé leathlán fiú; fiú amháin dá mbeinn ann)
náid, dada, faic; an figiúr 0; an pointe ag a dtosaíonn aon scála (an marc 0 ar theirmiméadar, mar shampla)
faic, dada; ruainne, greim feola (le piocadh)
rud éigin a deirtear, abairt, focal (níor creideadh mo ráite); rud a chur i bhfocail, labhairt (abair é seo dom; ní dúirt sé dada); aithris (abair do phaidreacha); insint (déarfaidh mé le d'athair thú; abair scéal); ordú (abair leis teacht); cur síos (sin mar atá ráite sa leabhar seo)
conair, cúrsa, cosán (rian na gréine, rian srutha); marc, lorg (rian coise, cairte); brí, fuinneamh (gan lúth gan rian); dada cearr (níl rian air)
blúire dá laghad, luid, faic, dada (níl screatall (éadaigh) ort; níl screatall (meabhrach) aige)
faic nó dada cearr (níl seoid air)
faic nó dada cearr (níl smadal air)