EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
dreoilín fir4 éinín bídeach donn agus eireaball cocáilte air; aon chréatúr beag ► dreoilín spóirt ceap magaidh, amadán nó óinseach ► dreoilín teaspaigh feithid a léimeann agus a dhéanann glór san fhéar lena sciatháin nó a chosa a scríobadh dá chéile
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
feithid cosúil le dreoilín teaspaigh a léimeann agus a bhaineann glór as a sciatháin
feithid cosúil le dreoilín teaspaigh mór (Imíonn siad ina scaotha, ag ithe agus ag milleadh luibheanna agus barr)
áras ina gcónaíonn éin, mar aon le roinnt ainmhithe beaga agus feithidí, agus a dtógann siad a rudaí óga ann (nead giorria, nead dreoilín; nead seangán); áras seascair ag duine; buíon, drong (nead bithiúnach)