DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
cosán fairsing idir chrainn isteach go dtí teach mór; sráid fhairsing agus crainn ar an dá thaobh di go minic
brainse den mhatamaitic ina n-úsáidtear siombailí ginearálta, go mór mór litreacha, chomh maith le huimhreacha
bás a fháil faoi uisce de cheal aeir; tumadh nó suncáil faoi uisce; fliuchadh go mór; múchadh (tarta)
diúltú déileáil le duine (go mór mór i gcúrsaí gnó)
ach sa bheag, nach mór (beagnach céad ceann; iad go léir beagnach)
álainn (bean bhreá; aimsir bhreá); an-sásúil (béile breá); déanta go maith (obair bhreá); ar staid mhaith (tá mé go breá anois); maith (d'éirigh go breá liom); aoibhinn (is breá an saol atá agaibh); maith mór (suim bhreá airgid); pléisiúrtha (duine breá le labhairt leis); taitneamhach (ba bhreá liom a bheith ann); (ag neartú le haidiacht eile)(breá mór, breá fairsing, breá bog anois!)(le híoróin)(rógaire breá; tá go breá agat!)
duine a bhriseann isteach i dteach chun gadaíochta (go mór mór san oíche)
ainmhí mór Astrálach le heireaball fada agus a chosa deiridh chomh láidir sin go dtig leis léim mhór fhada a thabhairt (Iompraíonn an ceann baineann a rudaí óga i bpóca faoina bolg)
bac, go háirithe bac gaoil chun pósta; gaol (col ceathar, col seisir); drochbheart, gníomh uafásach; briseadh móide nó focail; gráin, drogall (tá col agam leis; bhí col orm é a dhéanamh)
an méid is lú daoine nach mór a bheith i láthair ag cruinniú sula bhféadfar an gnó a dhéanamh go hoifigiúil
crapadh pianmhar ar na matáin, tar éis straidhn a bheith orthu go mór mór
an píobán mór ón scornach go béal an ghoile; oscailt, béal (craos foirnéise, craos gunna); an iomarca bia nó dí (peaca an chraois)
fuáil go bog le greamanna móra
duine atá dílis do dhuine nó do chúis go mór mór Aontachtaí antoisceach
teagasc leagtha síos ag údarás, go mór mór ag an Eaglais
cloch chrua ghráinneach a úsáidtear go mór i gcúrsaí tógála
iarratas dian, iarraidh ruda mar cheart (d'éiligh sé go raibh an ceart aige); lorg (ag éileamh an chíosa); iarraidh, ráchairt (éileamh mór a bheith ar bhailéid; níl éileamh aige ar a chuid); gearán, cásamh (ag éileamh as aicíd; ag éileamh ar na páistí)
litir, go mór mór ceann ó dhuine de na haspail
imeacht san aer (go mór mór ar sciatháin nó in eitleán)
éan creiche agus sciatháin fhada air (go mór mór seabhac atá oilte ar ghéim a mharú)
(in abairt) sciorta pléatach ó bhásta go glúine, go mór mór mar a chaitheann fir Alban
planda a dhreapann suas nó a fhásann ar feadh na talún (go mór mór an cineál a bhfásann fíonchaora air); fíonghort
aer ag gluaiseacht; aer ag séideadh go láidir, stoirm (gaoth mhór); gás sna putóga; caint áibhéalach bhladhmannach (níl ina chuid cainte ach gaoth); leid, siolla (gaoth an fhocail a fháil); aer (beo ar an ngaoth; cuir gaoth sa lamhnán)
sú bainniúil plandaí áirithe (go mór mór an cineál a bhaintear as an gcrann rubair)
gan spás do níos mó ann (soitheach lán; lán go doras); líonta go maith (sparán lán d'airgead); clúdaithe (áit lán de dhaoine, de choiníní); líonta ar fad (le taoide) (tá sé lán); líonta le mórtas (tá sé lán de féin); gach pioc (tá sé lán chomh holc leis)
leadradh; daoradh agus cur chun báis gan triail, go háirithe ag slua daoine bheadh corraithe go mór ag coir
síol planda cosúil le pis a úsáidtear le bia (go mór mór i súp)
aistí próis nó filíochta, go mór mór aistí den scoth, in aon teanga
gáir nó béic ard (go mór mór le háthas, laochas, caithréim etc.)
clós fara dugaí, stórais etc., go mór mór mar a úsáideann an cabhlach
níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig)
ar éigean (ní mó ná go gcreidim é)
pian sna néaróga, go mór mór sa cheann nó san aghaidh
cnapán nó at, go mór mór ar an bpointe a dteagmhaíonn gas duilleoige le brainse nó le géag
obair a dhéanamh; obair a bhaint as rud (talamh a oibriú; capall a oibriú); gníomhú, feidhmiú (tá an t-inneall ag oibriú; níor oibrigh an cleas sin); corraí (bhí sé oibrithe go mór)
léann, foghlaim, go mór mór ar scoil nó i gcoláiste
a bhaineann le míchuma choirp a leigheas nó a chosc, go mór mór i bpáistí
earraí cniotáilte, go mór mór stocaí etc.
drochghníomh, go mór mór in aghaidh dhlí Dé nó an dlí mhorálta
scoil ina múintear réimse leathan ábhar, go mór mór ábhair theicniúla
duine a shantaíonn athruithe móra, go háirithe i gcúrsaí rialtais
ceann ar bith de na pointí beaga geala i spéir na hoíche, go mór mór cinn a bhfuil suíomh seasmhach acu agus a thugann a gcuid solais féin uathu ar nós na gréine
ráib reatha, go mór mór roimh léim (léim ruthaig); rith cainte; maoin, toirt, neart
searmanas siombalach creidimh, go mór mór ceann de sheacht ndeasghnáth na Críostaíochta, ar nós baiste, aithrí, ola dhéanach etc.
tógtha suas le, luite go mór le (bheith sáite i leabhar; sáite sa luaith)
ospidéal, go mór mór do dhaoine a bhfuil galair scamhóg orthu
steall nó steanc tobann leachta; ruathar leachta nó gáis trí oscailt chúng (go mór mór as béal píobáin)
samhail chomh háibhéalach sin de dhuine go dtugann sí cosúlacht ait nó mhagúil air (mar shampla, srón mhór ar dhuine agus í tarraingthe mar ghob mór)
áit le foghlaim ó mhúinteoirí; teach scoile, baill scoile; dream daoine leis na tuairimí céanna (go mór mór i bhfealsúnacht, in ealaín, i gceol etc.); ráth éisc nó ainmhithe farraige (scoil mhuc mara)