EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
geall fir1 rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra) ► geall le, i ngeall le i muinín, i dtaobh le (bheith i ngeall le cúpla punt); beagnach (tá sé geall le bheith déanta); cosúil le (ba gheall le féasta é) ► de gheall ar ar mhaithe le (de gheall ar do shláinte); ar intinn rud a dhéanamh (má tá tú de gheall ar imeacht) ► mar gheall ar de bharr (mar gheall ar an taisme); i dtaobh, toisc (cad mar gheall air? ná déan é mar gheall ormsa)