DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
bac, go háirithe bac gaoil chun pósta; gaol (col ceathar, col seisir); drochbheart, gníomh uafásach; briseadh móide nó focail; gráin, drogall (tá col agam leis; bhí col orm é a dhéanamh)
leathanaigh phriontáilte agus iad ceangailte i gclúdach; roinnt seiceanna, stampaí, leathanaigh fholmha etc. ceangailte i bhfoirm leabhair; mionn, móid (leabhar éithigh a thabhairt)
rud beannaithe; coróin; leabhar, móid shollúnta (mar a thugtar i gcúirt dlí); mallacht, eascaine (mionnaí móra)
níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig)
duine a thógtar isteach ar promhadh in ord rialta sula nglacann sé móideanna
móide; mar aon le; an comhartha suimithe (+) idir uimhreacha, mar atá 6 + 3 = 9
bronnadh, soláthar (thug sé le fonn é; seilbh, teideal, a thabhairt; comhairle, breith, a thabhairt); scaoileadh amach (móid a thabhairt; cárta, cábla, a thabhairt); fás, borradh (talamh a bhfuil tabhairt ann); caitheamh (léim a thabhairt; thug sé a shaol ann); géilleadh, stríocadh, teip (má thugann an balla sin); tógáil, iompar, crochadh leat (tabhair abhaile é; thug sé leis é; tabhair i leith iad); ionsaí, iarraidh (thug sé fúm, faoi é a dhéanamh); scaradh le (eolas a thabhairt uait; dóchas a thabhairt suas)