EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
tabhairt bain bronnadh, soláthar (thug sé le fonn é; seilbh, teideal, a thabhairt; comhairle, breith, a thabhairt); scaoileadh amach (móid a thabhairt; cárta, cábla, a thabhairt); fás, borradh (talamh a bhfuil tabhairt ann); caitheamh (léim a thabhairt; thug sé a shaol ann); géilleadh, stríocadh, teip (má thugann an balla sin); tógáil, iompar, crochadh leat (tabhair abhaile é; thug sé leis é; tabhair i leith iad); ionsaí, iarraidh (thug sé fúm, faoi é a dhéanamh); scaradh le (eolas a thabhairt uait; dóchas a thabhairt suas)
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
glóir agus onóir a thabhairt (do Dhia)
ainm a thabhairt ar; duine a mholadh (do phost, etc.); (lá, áit, etc.) a spriocadh
gan aird a thabhairt ar (dá ainneoin sin is uile); in aghaidh tola, gan buíochas do (rinne sé de m'ainneoin é); cé go (ainneoin gur iarr mé air stad)
cúram (aire a thabhairt do rud); aird (tabhair do d'aire)
athbhunú (aiseag sláinte); tabhairt ar ais (aiseag iasachta); cur amach, urlacan
céannacht duine nó ruda a bheith agat toisc gur bhuail tú leis cheana; aitheantas a thabhairt do (ní aithníonn sé a ghaolta feasta); idirdhealú (aithint idir an mhaith agus an t-olc); brath, mothú (d'aithin sé go raibh fearg orm)
achasán, masla cainte (aithis a thabhairt do dhuine); náire, ábhar náire (is é an aithis shaolta é)
srian; (iolra) smacht (duine a thabhairt ar a araíonacha)
coinne, dáil (dul in araicis duine); cabhair, cuidiú (araicis a thabhairt ar dhuine)
gléas le daoine a thabhairt ó urlár go hurlár i bhfoirgneamh ard
tabhairt ar ais as an nua; athchóiriú; a dhéanamh óg arís
rudaí nó daoine a thabhairt i gceann a chéile; teacht i gceann a chéile
cosúil le bainne; maith ag tabhairt bainne
searmanas ina ndéantar Críostaí de dhuine (le huisce) agus a dtugtar ainm air; ainm a thabhairt ar dhuine nó ar rud, baisteadh
leanbh tabhartha; bligeard
ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm)
léim thobann a thabhairt; preab, geit
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
breithiúnas (breith a thabhairt ar chúis; Lá na Breithe)
tabhairt in aisce nó mar dhuais nó mar ghradam
buillí a thabhairt do dhuine nó do rud; an gráinne a bhaint de thuí le hinneall buailte; uibheacha no uachtar a ghreadadh go dtagann cúr orthu; preabadh go rialta (croí ag bualadh); múnlú (airgead a bhualadh); seinm (port a bhualadh); leagan (buaileadh breoite é); sroicheadh ar do chúrsa (gur bhuail siad cuan; buail isteach chugainn); troid (bhí bualadh mór ann); bua a fháil (bhuaileamar sa chluiche iad)
i bhfeighil, ag tabhairt aire do
cabhair nó cúnamh a thabhairt, cuidiú
tomhas teasa, go háirithe maidir le feabhas bianna éagsúla chun teas nó fuinneamh a thabhairt don chorp
ainmhí mór Astrálach le heireaball fada agus a chosa deiridh chomh láidir sin go dtig leis léim mhór fhada a thabhairt (Iompraíonn an ceann baineann a rudaí óga i bpóca faoina bolg)
ceann de chúig éirim an choirp chun rudaí a bhrath nó a thabhairt faoi deara - amharc, éisteacht, blas, boladh agus mothú
cead a thabhairt rud a dhéanamh, lamháil
sórt, saghas (an cineál cainte a bhíonn air); dúchas, mianach (tá cineál an cheoil ann; talamh a thabhairt chun cineáil); (le bia, deoch) sócamas, cóir speisialta; clann (Cineál Eoghain)
húda; cába, clóca; faighneog; colg feirge, círín (chuaigh siad i gcochall a chéile); líon nó eangach i bhfoirm póca chun iasc a thabhairt isteach
córas litreacha, uimhreacha nó siombailí eile chun teachtaireachtaí a thabhairt; córas dlíthe nó rialacha
cuntas achomair (a thabhairt) ar alt ráiteas etc.
bata cruinn de gheir nó de chéir agus corda trína lár a lastar le solas a thabhairt
comhairle a thabhairt do dhuine
cur i bhfeidhm, tabhairt chun críche, go hiomlán (gealltanas, dualgas, a chomhlíonadh); críochnú (nuair a bhí an aimsir comhlíonta); cúiteamh
socrú d'ilchineál páirteanna nó rudaí a oibríonn le chéile chun críche áirithe, nó a thagann le chéile chun toradh áirithe a thabhairt i gcrích (córas oideachais, córas cánach); baill áirithe den chorp a oibríonn le chéile (córas díleá, córas na néaróg); bealach ordúil oibre (éiríonn leis a chuid oibre a dhéanamh go slachtmhar mar tá córas aige)
críoch nó deireadh a chur le rud, tabhairt chun críche
bailiú, teacht nó tabhairt le chéile; slua daoine (labhairt le cruinniú); teacht chun cinn (cabáiste, prátaí, ag cruinniú)
tabhairt cuairte; turasóireacht
bua nó cumas rudaí a thabhairt ar ais san aigne (beidh cuimhne ar an lá seo fós); na rudaí ar fad a gcuimhníonn daoine orthu (más buan mo chuimhne; cuimhní cinn)
tabhairt chun cuimhne (cuimhním ar an lá go maith); smaoineamh (níor chuimhníomar go dtiocfá); beartú, seiftiú (ag cuimhneamh ar dhul abhaile); plean, seift (is maith an cuimhneamh é)
aghaidh, éadan (cúinse a thabhairt do rud); geáitse (bíonn mórán cúinsí ar siúl aige); leithscéal, coinníoll (ar aon chúinse; ghlac sé leis gan chúinse); cleas, beart glicis (fear cúinsí é sin)
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
sásta nó ábalta cúnamh a thabhairt
comhaireamh, áireamh (cuntas a dhéanamh ar rudaí); an méid ceart (tá an cuntas ansin agat); cúrsaí airgid (cuntas bainc); reicneáil (lá an chuntais; duine a thabhairt chun cuntais); tuairisc, cur síos (tá cuntas sa leabhar seo air; cuntas duine a chur)
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
cur chomh fada le (daoine a chur chun boird); cur os comhair (cuir chuige an t-arán); úsáid le haghaidh (cuir chun tairbhe duit féin é); tabhairt faoi (cur chun oibre)
ropadh, sá (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir sé ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir sé neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh nó i gcoinne ruda)
tabhairt suas (cuir uait an chaint sin); scor, deighilt (cuir an bheirt sin ó chéile)