DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
mothú mar a bheadh drithlíní ag rith tríd an bhfuil, griofadach
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
an leacht dearg a ritheann trí na cuislí sa chorp; ár nó doirteadh fola (beidh fuil ann); aigne, mothúchán (bheith tógtha san fhuil); miotal, sprid (má tá aon deoir fola ionat); mianach, dúchas (fuil uasal Gael)
cloch luachmhar ar dhath an bhainne agus dathanna an bhogha báistí ag rith tríthi
líonadh agus trá na farraige dhá uair sa lá trí tharraingt na gréine agus na gealaí; tuile agus aife na farraige; sruth ag rith tríd an bhfarraige le linn tuile nó aife; tamall maith