DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
gabháil ruda leis an lámh (beir greim air; rug sé greim muinchille orm); lán béil (cúpla greim feola; bain greim as an arán); cruachás (rug drochghreim air); smacht, ceannas (bíodh greim ar do chiall agat; tá greim daingean acu ar an tír); fostú (i ngreim sa talamh, i ngreim ag an eagla); freanga, ríog thinnis (tháinig greim i mo chliathán; greim an bháis); lúb fuála (greim snáthaide a chur i rud)
neart, fórsa (le teann na gaoithe); strus, straidhn (is iomai teann a rug air); béim (teann a chur ar fhocal, ar do ghuth); taca, tacaíocht; gustal (tá teann ar a chúl aige); muinín, dánacht (níl teann agam air sin); cumhacht, údarás (cathain a tháinig sé i dteann?); ardphointe (i dteann a réime; le teann oilc a rinne sé é)