EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
stampa fir4 blúire beag de pháipéar daite agus é greamaitheach ar thaobh amháin le cur ar litir etc. mar dhearbhú gur íocadh an postas, etc. (stampa poist); marc (stampa rubair, stampa na hoifige); rian (d'fhág sé stampa a bhróige air); cuma (tá stampa an bhithiúnaigh air) ► stampáil bain3 ► stampálaí fir4
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
leabhar a gcoinnítear stampaí, grianghraif, etc. le chéile ann
leathanaigh phriontáilte agus iad ceangailte i gclúdach; roinnt seiceanna, stampaí, leathanaigh fholmha etc. ceangailte i bhfoirm leabhair; mionn, móid (leabhar éithigh a thabhairt)
oifig a ghlacann le litreacha agus le bearta agus a sheolann ar aghaidh iad (Díoltar stampaí agus ceadúnais teilifíse ann freisin)
cás beag póca chun nótaí airgid, ticéid, stampaí, litreacha, nótaí etc., a choinneáil