EXACT MATCHES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
bain amach, v.t. & i. 1. Take out. Fiacail a bhaint amach, to extract a tooth. Greim a bhaint amach, to take out a stitch. Smál a bhaint amach, to remove a stain. 2. Exact. Cíos, cáin, luach mór, a bhaint amach, to exact a rent, a tax, a high price. Fiacha a bhaint amach, to exact payment of debts. Cá mhéad a bhain sé amach air? How much did he charge for it? 3. Evoke. Gáire, caint, a bhaint amach, to raise a laugh, a discussion. 4. Gain. Beatha a bhaint amach, to make a living. Clú, ceart, a bhaint amach, to gain a reputation, a right. An chéad áit a bhaint (amach), to gain first place. Daingean a bhaint amach, to gain, capture, a fortress. 5. Make for, reach. Nuair a bhain mé an teach amach, when I got to the house. Is fearr duit an baile a bhaint amach, you had better go, make for, home. Bhain sé aois mhór amach, he lived to a great age. 6. Get going. Nuair a bhaineann sé amach ní féidir é a stopadh, when he gets going (talking) he cannot be stopped. ~te amach, flighty. 7. Spend (time). Bhain mé seachtain amach ann, I passed a week there. Is ann is faide a bhain sé amach, he stuck it there longest.
PHRASES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Bhain sé as (amach); bhain sé na cosa as; bhain sé as na cosa, na boinn, é, he ran away as fast as he could.
Bhain mé an baile amach ar ~ ar éigean, I barely managed to reach home.
Ba thráthúil a bhain mé an teach amach, I got to the house just in time.