TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
broken, a. a Briste; réabtha. Broken meat, giobóga feola. Broken ribs, easnacha briste. He is broken in health, tá an tsláinte caillte aige. His spirit is broken, tá a chroí caillte aige. A broken man, (i) fear creachta; (ii) fear croíbhriste. b (Talamh) cnapánach; (bealach) garbh; (codladh) corrach. Broken outline, imeall bearnach. Broken sea, farraige thógtha. In a broken voice, i nglór stadach. Broken Irish, droch-Ghaeilge f, Gaeilge bhriste. ► brokenly, adv. Go briste, etc.
broken, brokenly. See BREAK2 .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He said in broken accents..., dúirt sé agus tocht ina ghlór ...
His back was broken, briseadh cnámh an droma, an droim, aige.
He has broken the back of the work, tá poll mór curtha san obair aige.
It is broken, tá sé briste.
The frost has broken, tá sé ag coscairt an tsiocáin.
His voice was broken (with emotion), bhí tocht ina ghlór.
The engagement is broken off, tá an cleamhnas briste.
He died broken-hearted, fuair sé bás de bhriseadh croí.
How did the window come to be broken? céard a d'éirigh don fhuinneog le gur briseadh í?
I have not yet broken my fast, táim ar céalacan fós.
He got his arm broken, briseadh an sciathán aige.
He had his leg broken, bhris sé a chos; briseadh an chos aige.
He died of a broken heart, briseadh croí a thug a bhás.
I am heart-broken, tá mo chroí briste.
It was broken, briseadh é (í).
(Of horse) Broken knees, glúine gortaithe.
To lean on a broken reed, muinín a chur i rud gan mhaith.
Broken line, líne bhearnach.
It is partly broken, tá sé beagán, roinnt, briste.
His record has not yet been broken, ní dheachaigh aon duine ina mharc go fóill.
F: To lean on a broken reed, taca a bhaint as sifín.
Broken stone, clocha fpl briste.
Broken weather, breacaimsir.