Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: feather · heather · leather · wether · eater
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh weather »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
weather1, s. 1 Aimsir f. The weather, an aimsir. Bad weather, drochaimsir f. In all weathers, soineann agus doineann; fliuch fuar an lá. Humid weather, bogradh m. It is settled weather, tá bun ar an aimsir. Broken weather, breacaimsir. In this, in such, weather, a leithéid d'aimsir. In the hot weathers, sa teaspach; le linn an bhrothaill. It is awful weather, is millteanach an aimsir í. (Wind and) weather permitting, má bhíonn an uain chuige. If there is a break in the weather, má bhriseann an aimsir. What is the weather like? cad é an cineál aimsire atá ann? (Of ship) To make heavy weather, dua na farraige a fháil; treabhadh roimpi go maslach. F: To be under the weather, gan a bheith ar fónamh; bheith meath-thinn. Journ: The Weather, Faisnéis f na hAimsire. 2 Attrib. a The Weather Bureau, Oifig na hAimsire. Weather conditions, an aimsir. b Nau: (Taobh) na gaoithe. On the weather-beam, ar thaobh na gaoithe.
weather2 . I v.tr. 1 Geol: Weathered rocks, carraigeacha síonchaite, síonoibrithe. Furn: Weathered oak, dair ghalaithe. 2 Nau: a To weather a headland, ceann tíre a chaitheamh, a thógáil. To weather a ship, dul taobh na gaoithe de long; dul amach os cionn loinge. b To weather (out) a storm, stoirm a sheasamh, a chur di. c F: To weather through, teacht slán; na cosa a thabhairt leat. II v.i. 1 (Of rock) Caitheann faoin síon. 2 Tagann paitean ar (chré-umha).
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The weather is against us, tá an aimsir ag cur orainn.
To allow for bad weather, an drochaimsir a chur san áireamh.
What awful weather! a leithéid d'aimsir mhillteanach!
The badness of the weather, donacht f na haimsire.
On the weather beam, ar thaobh na gaoithe.
What beastly weather! a leithéid d'aimsir ghránna!
The weather is better, tá feabhas ar an aimsir.
The weather bids fair to be fine, tá gach cosúlacht air go mbeidh aimsir mhaith ann; tá aimsir mhaith air.
Break in the weather, claochlú m aimsire.
The weather is brightening up, tá sé ag gealadh, tá sé ag crochadh suas.
Clement weather, soineann f.
Close weather, aimsir mheirbh, mharbhánta, throm.
Weather conditions, an aimsir.
What cursed weather! nach diabhlaí an aimsir í!
You will catch your death, if you go out in this weather, gheobhfaidh tú galar do bháis, má ghabhann tú amach a leithéid seo d'aimsir.
Dirty weather, (i) aimsir gharbh; (ii) aimsir shalach, shramach.
Dry weather, triomach m.
Fair weather, soineann f.
The weather favoured our departure, bhí an aimsir chuige agus sinn ag imeacht.
When the weather is fine, nuair a bhíonn an aimsir go breá.
F: What foul weather! nach caillte an aimsir í!
Foul weather, aimsir mhór.
Weather gauge, buntáiste m (na) gaoithe (ag longa, seachas a chéile).
(Weather-) glass, baraiméadar m.
The weather is gloomy, tá púic, smúit, ar an aimsir; tá an aimsir modartha.
What glorious weather! nach aoibhinn an aimsir í!
The weather has played old Harry with his health, rinne an aimsir an diabhal ar a shláinte.
Heavy weather, aimsir ghruama.
If the weather holds, má mhaireann an aimsir (go breá).
If the weather holds up, má mhaireann an aimsir.
Hot weather, brothall m.
Pleasant weather, if rather cold, aimsir dheas í, ach é bheith buille fuar.
Inclement weather, doineann f.
If the weather keeps up, má mhaireann an aimsir (mhaith).
Lazy weather, aimsir mharbhánta.
We made bad weather, tháinig drochaimsir orainn.
This fine weather makes for cheerfulness, chuirfeadh an aimsir bhreá seo soilbhreas ar dhuine.
The weather is mending, tá an aimsir ag bisiú.
The good weather put me in the mind for walking, chuir an uain mhaith fonn siúil orm.
What miserable weather! a leithéid d'aimsir chéasta!
Nasty weather, aimsir shalach.
It was in (a) great part due to the weather, an aimsir ba mhó ba chúis leis.
To protect sth, from the weather, foscadh, dídean, ón aimsir a thabhairt do rud.
Raw weather, aimsir ghlas.
We cannot rely on the weather, ní féidir taobhú leis an aimsir.
The weather remains fine, tá bun ar an aimsir; tá an aimsir ag seasamh go breá.
Weather report, faisnéis f aimsire.
Rotten weather, aimsir ghránna.
Nau: Rough weather, gairfean m, aimsir mhór, gharbh.
Seasonable weather, aimsir shéasúrach.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht