TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
rough1, I a. 1 a (To the touch) Garbh, ainmhín. Rough to the touch, garbh faoi do mhéara. Rough edges, faobhair aimhréidhe. b (Uneven) Garbh, míchothrom, cnapánach. Rough hair, gruaig stoithneach. c (Undressed) In the rough state, neamhchóirithe. Rough casting, garbhtheilgean m. 2 (Violent) Garbh, garg; (of wind) tréan, garbh. Rough sea, farraige gharbh, stoirmeach. Nau: Rough weather, gairfean m, aimsir mhór, gharbh. Rough play, imirt gharbh. To give s.o. a rough handling, cíorláil f, rúscáil f, a thabhairt do dhuine. S.a. TIME1 8. 3 (Of manners, speech) Gairgeach, tútach, ráscánta. Rough nursing, banaltracht ghiorraisc. 4 Rough sketch, (i) stracsceitse m; (ii) rédhréacht m -a. Rough translation, ré-aistriú m. Rough calculation, áireamh achomair. At a rough guess, mar bhuille faoi thuairim. Rough estimate, garmheastachán m. 5 a (Of voice) Garbh, garg, gairbhéiseach. b Gram: Rough breathing, análú m garbh. c (Of wine) Garg. ► roughly, adv. 1 Go garbh, go tútach. To treat s.o. roughly, bheith garbh le duine. 2 Roughly painted, garbhdhaite. Roughly made, garbhdhéanta. To sketch sth. roughly, résceitse a dhéanamh de rud. 3 Go hachomair; bordaithe air; suas agus anuas le, isteach agus amach le. Roughly speaking, tríd is tríd. II adv. Go garbh, go brúidiúil. To play rough, imirt go garbh. III s. 1 Garbhlach m, talamh garbh. Golf: To be in the rough, bheith sa gharbhlach. 2 Tairne sheaca (i gcrú capaill). 3 One must take the rough with the smooth, caithfidh tú an saol a ghlacadh mín agus garbh. 4 (Pers.) Bodach m, bithiúnach m. 5 a Wood in the rough, adhmad neamhchóirithe. b Statue in the rough, dealbh gharbhshnoite.
rough2, v.tr. 1 To rough (up) the hair, an ghruaig a chuimilt in aghaidh stuif. 2 To rough a horse's shoes, capall a ghéarú. Const: Breacaim (balla). 3 F: To rough it, dul sa scáthlán. 4 Céadtanaím (lionsa).
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Gr.Gram: Rough, smooth, breathing, garbhanálú m, séimhanálú m.
Rough, ugly, customer, corpadóir m; bearránach gránna.
He cut up rough, tháinig cantal, múisiam, air.
Rough diamond, diamant garbh.
He's a rough diamond, fear breá garbh é.
These figures are only a rough estimate, níl sna huimhreacha seo ach garmheastachán.
On, at, a rough estimate, mar bhuille faoi thuairim.
Rough to the feel, garbh le breith air, le mothú.
Rough going, (i) bealach m aimhréidh; (ii) marcaíocht f anacair.
Rough-mannered, garbh, giorraisc.
To rough-plane, scothphlánáil a thabhairt ar.
Rough-and-tumble life, saol neamhshocair, corrach.
One must take the rough with the smooth, caithfidh tú an saol a ghlacadh mín agus garbh.
It will stand rough handling, tá acmhainn ar thiaráil aige.
Book damaged by rough usage, leabhar atá millte ag drochúsáid.