TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
favour1, s. 1 Bá f, lé f. He found favour with the king, gained the king's favour, thug sé an rí ar a thaobh, He was in favour with the king, bhí lé ag an rí leis, bhí an rí fabhrach dó. He was seeking their favour, bhí sé ag cuimilt boise dóibh. He is restored, returned, to favour, tá sé i mala an tsnátha ghil arís, tá fabhar arís aige. To be out of favour, bheith faoi dhrámh. He fell out of favour with the people, chaill sé gnaoi na ndaoine. 2 Comaoin f, gar m, garaíocht f. To ask a favour of s.o., gar a iarraidh ar dhuine. To do s.o. a favour, soilíos m, gar m, a dhéanamh do dhuine. Will you do me a favour? an ndéanfá gar dom? Com: Your favour of the 15th, do litir den 15ú. 3 a Claoine f, fabhraíocht f. To show favour towards s.o., bheith fabhrach le duine. He administered justice, without fear or favour, chuir sé an dlí i bhfeidhm gan chamadh gan chlaonadh. b Under favour of the night, ar scáth na hoíche. 4 Prep.phr.In favour of. . ., i bhfabhar, ar son, ar thaobh. To have everything in one's favour, gach rud a bheith i do leith. To decide in favour of s.o., in s.o.'s favour, breith a thabhairt i bhfabhar duine. To be in favour of sth., bheith ar thaobh, i bhfabhar, ruda. 5 Suaitheantas m fabhair.
favour2, v.tr. 1 Taobhaím le, táim i bhfabhar, ar thaobh (scéime). I don't favour the idea, ní geal liom an smaoineamh, ní thaitníonn an smaoineamh liom. 2 Cuirim comaoin ar; déanaim gar, soilíos, do. He favoured them with an interview, dheonaigh sé agallamh a dhéanamh leo. 3 a Taobhaím le, cuidím le. You are favouring him unduly, tá tú róchlaonta leis. b Cuidíonn le, oireann. The weather favoured our departure, bhí an aimsir chuige agus sinn ag imeacht. He is favoured by fortune, tá an t-ádh ina bhróga. Device that favours combustion, gléas a chuidíonn leis an dó. 4 a (Of fact, etc.) Neartaíonn le, cuidíonn le (teoiric, ráfla). b Every indication favoured rain, bhí gach comhartha ag tuar báistí. 5 F: He favours his father, is cosúil lena athair é.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To ask a favour of s.o., gar a iarraidh ar dhuine.
He conciliated their favour, mheall sé ar a thaobh iad.
To conclude in favour of a course of action, cinneadh ar chomhairle, ar chúrsa.
To confer a favour on s.o., gar a dhéanamh do dhuine.
To curry favour with s.o., bheith ag pláibistéireacht le duine.
To discriminate in favour of s.o., beart a dhéanamh i bhfabhar duine.
The favoured few, dream beag an áidh.
Well-favoured, dathúil, sciamhach.
Fortune favoured him, bhí an t-ádh ina chaipín; bhí sciorta den ádh air.
Your favour of the 4th inst. to hand, tháinig do litir den 4ú lá.
To load s.o. with favours, duine a chlúdach le mil.
To militate in favour of sth., cuidiú le rud.
F: I have done him any number of favours, níl aon teorainn lena bhfuil de chomaoin curtha agam air.
To pronounce for her, in favour of her, labhairt ar a taobh, ina páirt; taobhú léi.
I am in receipt of your favour, fuaireas do litir.
Te give a ruling in favour of s.o., breith a thabhairt i leith duine.
F: The tide has set in his favour, tá an sruth leis anois.
He found favour in her sight, thug sí taitneamh dó.
To stand aside in favour of s.o., tarraingt siar ar mhaithe le duine.
This tells in his favour, tá seo ina leith.
Abs.To testify in s.o.'s favour, fianaise a thabhairt i leith duine.
He was in favour with the President, bhí bá ag an Uachtarán leis.
(Of candidate) To withdraw in favour of s.o., an áit a fhágáil ar mhaithe le duine eile.
He wormed himself into the king's favour, bhí sé ag obair leis gur mheall an rí ar a thaobh.
To wriggle into s.o.'s favour, fabhar duine a bhréagadh chugat go fáilí.