TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
grumble1, s. a Monabhar m, dranntán m. b Gearán m, clamhsán m, casaoid f, cnáimhseáil f. He obeyed without a grumble, rinne sé mar a dúradh leis gan oiread agus focal as.
grumble2, v.i. Gearánaim, cnáimhseálaim, déanaim casaoid, clamhsán. He grumbles about the food, bíonn sé ag fáil cámais ar an mbia. To grumble at s.o., bheith gearánach ar dhuine; bheith ag tromaíocht ar dhuine.