Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: gurd · duar · gad · gar · gar-
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh guard »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
guard1, s. 1 Garda m. a Gotha m cosanta, cosaint f. Fenc: Box: He took his guard, chuir sé é féin i dtreo cosanta. On guard! cosain! ar do phionsa! b To be, stand, on guard, bheith ar d'aire. He was on his guard against attack, bhí sé san airdeall ar ionsaí. To put s.o. on his guard, duine a chur ar a fhaichill, ar a airdeall. To throw s.o. off his guard, duine a chur thar a choimeád. He was caught off his guard, rugadh air ar a neamhaire, ar a mhíthapa; thángthas aniar aduaidh air. c To be on guard (duty), bheith ag seasamh garda. To go on guard, mount guard, dul ar garda. To come off guard, scor de gharda. To keep guard, feighil f, faire f, a dhéanamh. To keep a prisoner under guard, príosúnach a choinneáil faoi gharda. Keep a guard on that man, bíodh faire agat ar an bhfear sin. 2 Coll: a Mil: Garda m. Advanced guard, garda tosaigh. New guard, relieving guard, garda nua; garda saortha. F: One of the old guard, duine den seandéanamh. To form a guard of honour, garda gradaim a dhéanamh. b To set a guard on a house, garda a chur ar theach; teach a chur á fhaire. 3 a (Policeman) Garda m (síochána). b Garda m, fear m faire. c Rail: Garda m traenach. Mil: The Guards, Garda an Rí. 4 a Garda m, feisteas m cosanta, cosaint f; sciath f, cás m. The guards of a cart, gardaí mpl cairte. Fly-wheel guard, sciath f roth luastair. Fire-guard, sciath tine. Trigger guard, sciath truicir. b Hand guard of a sword, dornchlúid f chlaímh. c Garda m (hata). S.a. WATCH-GUARD. d Bookb: Caomhnú m (ciumhaise).
guard2 . 1 v.tr a Cosnaím, caomhnaím, gardálaim. To guard s.o. from, against, a danger, duine a chaomhnú, a chosaint, ar bhaol. b To guard one's tongue, srian a choimeád ar do theanga. c Ind: Cuirim sciath, cosaint, ar (bheilt, etc.); cuirim cliathrach ar (inneall). d To guard one's diamonds, na muileataí a choimeád. My Jack is guarded, tá garda ar mo chuireata; tá cúl, cárta cúil, agam leis an gcuireata. 2 v.i. To guard against sth., tú féin a sheachaint, a chosaint, ar rud.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Mil: Advance-guard, túsgharda m.
Advanced guard, garda tosaigh.
The guards are after you, tá na gardaí ar do lorg.
Closely guarded, faoi ghardáil ghéar.
He was guarded in his speech, choinnigh sé srian ar a theanga, bhí sé ag tomhas na bhfocal.
To mount guard, dul ar garda.
The guards nabbed him, fuair na gardaí greim air; chuir na gardaí crúcaí ann.
Mil: The new guard, an garda (atá) ag dul ar faire.
The guards are on to him, tá na gardaí ar a dhroim.
The guards ran him down, sháinnigh na gardaí é.
F: The guards ran him in, thóg na gardaí é.
The guards surprised him, tháinig na gardaí aniar aduaidh air.
He was taken up by the guards, rug na gardaí air; ghabh na gardaí é.
Mil: To warn s.o. for guard, duine a fhógairt le haghaidh garda.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht