Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bob · dob · gob · hob · jab
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh job »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
job, s. 1 a Obair f, tasc m, ceann m oibre. To do a job, obair a chur i gcrích. I have a little job of work for you, tá tasc beag agam faoi do choinne. F: To be on the job, obair go díocasach. Odd jobs, spidireacht f, doscaireacht f, sibiléireacht f. Odd-job man, gobán m. To work by the job, oibriú de réir an phíosa. To make a good job of sth., bail mhaith a chur ar rud. It is a good job that . . ., is mór an gar go . . . That's a good job! maith mar a tharla. It's a bad job, is olc an scéal é. Give it up as a bad job, scaoil do bheannacht leis. b I had a job to do it, mo shá a bhí os mo choinne agus a dhéanamh; chuaigh sé rite liom a dhéanamh. I had quite a job to get there, bhí obair agam an bealach a dhéanamh. 2 Obair f, post m. He has a good job, tá post maith aige. To be out of a job, bheith as obair, díomhaoin. This trade is not anybody's job, ní le gach duine is féidir an obair seo a dhéanamh. He knows his job, tá fios a ghnóthaí aige. Every man to his job, gach duine lena cheird féin. 3 Job lot, beart m fuíll.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Application for a job, iarratas m ar phost.
He got into the job through the back-door, shleamhnaigh sé isteach sa phost le fabhar.
(Unfortunate) It's a bad business, a bad job, is bocht an scéal é.
These jobs go (a-)begging, níl iarraidh ag aon duine ar na poist seo.
To make the best of a bad job, of a bad bargain, an chuma is fearr a chur ar dhrochmhargadh.
F: It was a brute of a job, obair na gcapall a bhí ann.
To cost a job, costas oibre a mheas.
He wasted his time to such an extent that he lost his job, chuir sé oiread sin ama amú gur chaill sé a phost.
To fiddle over a job, bheith ag ealaín le gnó.
F: To make a good fist of a job, lámh mhaith a dhéanamh d'obair.
He is fit for his job, tá acmhainn a chuid oibre ann.
To get on with the job, an gnó a chur chun cinn.
To give s.o. a job, (i) post a thabhairt do dhuine; (ii) rud a thabhairt le déanamh do dhuine.
He gave it up as (a bad job), thug sé suas dó.
If I hear of any job going, má chloisim faoi aon phost a bheith ag imeacht
Good (job)! that's a good thing, is maith an scéal é; is maith sin.
It is a hopeless job, níl maith le déanamh dó; níl bail le cur air; tá sé ó mhaith.
Jobbing workman, spailpín m.
Jobbing tailor, táilliúir m ar a thasc.
That mistake lost him the match, his job, chaill sé an cluiche, a phost, de bharr an dearmaid sin.
P: To muck (up) a job, praiseach a dhéanamh d'obair.
A natty job, obair bhláfar.
I have a job in the offing, tá post faoi mo shúil.
The job is still open, tá an áit folamh go fóill.
To potter about at odd jobs, a bheith ag siobáil, ag giotamáil, thart.
To put s.o. on to a job, obair a thabhairt do dhuine; duine a chur ag obair.
F: A put-up job, gnó a bheartófaí roimh ré; gnó caimiléireachta.
To qualify oneself for a job, tú féin a oiliúint faoi choinne poist.
To quit one's job, éirí as do phost.
These little jobs come as a relaxation, is geall le scíth an ghiotamáil bheag seo.
Rotten job, obair shuarach.
We had a rush to get the job done, b'éigean dúinn deifriú leis an obair a chríochnú.
Nothing stands between you and the job, níl a dhath le tú a choimeád ón bpost.
He had a stiff job getting it finished, chuaigh sé rite leis a chríochnú.
Suitability of a candidate for a job, oiriúnacht iarrthóra do phost.
Do the job thoroughly, ná fág bunchleite isteach ná barrchleite amach ar an obair.
Too difficult a job, obair róchrua.
Uncongenial job, obair mhíthaitneamhach.
To be up to a job, bheith in ann go maith chuig obair.
What is her job? cén post atá aici?
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht