TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
get on. I v.tr 1 Cuirim orm (mo bhróga, etc.). 2 To get a good speed on, siúl maith a thógáil; géarú go maith sa siúl. 3 Cuirim (dalta scoile) chun cinn. II v.i. 1 Téim in airde ar (chathaoir, rothar); scaraim mé féin ar (rothar); téim ar muin (capaill). 2 a Téim ar aghaidh, chun cinn. He is getting on for forty, tá sé ag tarraingt ar an daichead; tá sé i ngob an daichid. He is getting on (in years), tá tonn mhaith aoise aige; tá sé ag dul anonn sna blianta. Time is getting on, tá sé ag dul i ndéanaí; tá an t-am ag éalú leis. It is getting on for twelve, tá sé ag déanamh ar an dá bhuille dhéag. Getting on for 300 boys, suas le trí chéad buachaill. b Éiríonn liom; téim chun cinn. He got on in life, rith go maith leis; d'éirigh leis sa saol. He will get on (in the world), ardóidh sé (sa saol); beidh rath an tsaoil air. How to get on, conas dul chun cinn. To get on with the job, an gnó a chur chun cinn. How are you getting on? conas tá ag éirí leat? How did you get on with your examination? conas d'éirigh an scrúdú leat? To get on without s.o., sth., déanamh gan duine, rud. I'll get on without it, déanfaidh mé dá cheal. c To get on (well) with s.o., réiteach go maith le duine. Easy to get on with, sochaideartha, soranna, sochma. d Get on with you! cuir uait! éirigh as! e To get on to the trick, dul amach ar an gcleas.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
You get on together like one o'clock, tá sibh mar a bheadh gearrán bán agus coca féir; tá sibh ag teacht le chéile thar cionn.
F: To get sth. on the crook, rud a fháil le caimiléireacht.
Person difficult to get on with, duine doranna.
Easy person to get on with, duine sochma, soranna.
We got on like a house on fire, d'éirigh thar cionn linn, réitíomar go hiontach le chéile.
I got him on to the subject, d'éirigh liom é a chur ag caint ar an scéal.
He got down on his knees, chuaigh sé ar a dhá ghlúin.
To get sth. down (on paper), rud a bhreacadh (ar pháipéar).
To get up behind s.o. (on horse), dul ar cúlóg.
I've got enough to go on with, tá an oiread agam agus a dhéanfaidh mo ghnó an turas seo.
How's that graceless brother of yours getting on? conas tá an mac mí-ádhsach sin is deartháir duit ag déanamh?
To get a grip on sth., greim a fháil ar rud.
F: To get in on the ground-floor, dul isteach i gcomhlacht ar chomhchéim leis na fundúirí.
To get him on the hop, teacht air ar a rás.
To mount, get on, a horse, dul ar mhuin capaill.
F: He got on his high horse, bhuail tallann mórtais é.
I've only got just enough to live on, níl agam ach ón láimh go dtí an béal; níl ach tarraingt mo láimhe ar éigean agam.
He got on his legs again, (i) d'éirigh sé arís (ina sheasamh); (ii) tháinig cumas a chos arís chuige; tháinig sé chuige féin arís.
To get a move on, deifriú, brostú.
He got on my nerves, bhí sé do mo chiapadh; bhí mé clipthe aige.
What had he got on? cén t-éadach a bhí air?
I can get no purchase on it, ní féidir liom cothrom a fháil air.
To get on the right side of s.o., duine a bhréagadh chugat.
To get on the scent, an bonn a fháil.
To get on the soft side of s.o., teacht ó thaobh na gaoithe ar dhuine, áth a fháil ar dhuine.
He is getting on splendidly, tá sé ag déanamh go binn.
He got struck on her, d'éirigh sé amaideach léi.
What I can't get done in the week I do on Sundays, an méid nach n-éiríonn liom a dhéanamh ar feadh na seachtaine déanaim ar an Domhnach é.
I was not away long enough to get a welcome on my return, ní raibh mé fad na fáilte amuigh.
F: To get out of bed on the wrong side, éirí ar do chois chlé.
He is getting on in years, tá sé ag dul anonn sna blianta.