Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: eas · ease · east · as · ceas
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh easy »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
easy. I a. 1 a Socair, sámh. I feel easier, braithim níos compordaí. b Suaimhneach. I made my mind easy about it, chuireas m'aigne chun suaimhnis ina thaobh. Easy life, saol neamhbhuartha. S.a. CIRCUMSTANCE 1. 2 a (Of manners, etc.) Réidh, neamhchas. Easy style, stíl réidh, neamhchas. b Make my coat an easy fit, déan mo chóta breá fairsing dom. Easy movement, gluaiseacht f éasca. Nau: Easy rolling, bogadaíl. Mec.E: It's an easy fit, oireann sé gan stró. 3 a Easy task, obair shaoráideach. That is easy to see, is furasta é sin a aithint. It is easy for him to come, is furasta dó teacht. Within easy distance, within easy reach, of the city, i ngar don chathair; aistear beag ón gcathair. F: As easy as A B C, as winking, chomh furasta lena bhfaca tú riamh. (Of pers.) Easy mark, duine boigéiseach m, margadh m réidh, duine somheallta. b (Of pers.) Séimh, soghluaiste. Easy person to get on with, duine sochma, soranna. S.a. FREE1 5. c He travelled by easy stages, rinne sé an t-aistear ina gheábhanna beaga. At an easy trot, ar bogshodar. By easy payments, on easy terms, ar shosa. Sp: etc. He came in an easy first, bhí an chéad áit aige gan stró. 4 Com: Easy market, margadh mall. Cotton was easier, ba lú an glaoch (a bhí) ar chadás. 5 Cards: Honours easy, (onóracha) cothrom. II   easy, adv. 1 I can do it easy, tig liom a dhéanamh gan dua. Easier said than done, is fusa a rá ná a dhéanamh. 2 a Take it easy! glac do shuaimhneas!; glac go réidh é! He takes life, things, easy, is breá bog a thagann an saol air; glacann sé an saol ar a shuaimhneas. b Go easy with the butter, tarraing go caol ar an im. c Easy! easy! fóill! fóill! Nau: Row: Easy (ahead)! go réidh (chun cinn)! Easy all! stadaigí! sosaigí! d Mil: Stand easy! ar socracht!easily, adv. 1 Go socair, go sámh, go suaimhneach. He takes things, life, easily, is breá bog a thagann an saol air; ní chuireann an saol aon mhairg air. 2 a Go bog, go réidh. 3 Go héasca, gan dua, gan stró. Easily done, sodhéanta. He speaks easily, labhraíonn sé go líofa, tagann an chaint chuige go saoráideach. He came in easily first, he won easily, bhuaigh sé ar a bhogshodar.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
As easy as anything, chomh furasta lena bhfaca tú ariamh.
He is a man easy of approach, is furasta dul chun cainte leis, dul ina láthair.
Free, easy, carriage, imeacht éasca ligthe.
In easy circumstances, deisiúil; go maith as; teann i gcuid agus i maoin.
Easy come easy go, light come light go, an rud a fhaightear go bog imíonn sé go bog.
That comes easy to him, ní fhaigheann sé anró ar bith uaidh sin; tagann sé sin leis go réidh.
Man easy to deal with, fear so-ranna.
An easy-going man, sodamán m, duine sochma.
Ever so much easier, i bhfad Éireann níos fusa.
He fastened on me as an easy prey, ghreamaigh sé dhomsa mar go mba duine somheallta mé.
They will find it easy, tiocfaidh sé go bog leo.
To come in an easy first (of the competition), tosach a bhreith go réidh (ar na hiomaitheoirí).
Easy-fitting, luchtúil, a bhfuil fuílleach slí ann.
It is easy for him to come, is furasta dhó teacht.
It is easy for you to talk, tá sé breá bog agatsa a bheith ag caint.
Free and easy, réchúiseach, neamhchorrbhuaiseach.
In a free and easy tone, de ghlór dhíolúnta.
Easy to get on with, sochaideartha, soranna, sochma.
He makes an easy living, tá an bheatha ag teacht bog chuige.
He is an easy mark, is furasta an olann a bhaint de; is furasta craiceann a chur ar lao dó.
It is an easy matter, ní haon dua é.
The task is no easy one, ní haon dóithín é mar chúram; ní haon obair gan dua é.
Nothing could be easier, níl aon ní is fusa; chomh furasta lena bhfaca tú riamh.
Easy-paced horse, capall a bhfuil siúl réidh léi.
To assume an easy posture, cuma chompordach a chur ort féin.
Hotel within easy reach of the station, teach aíochta i gcóngar an stáisiúin.
It is easy to see that . . ., is furasta aithint ...
Easy to sell, sodhíolta.
To travel by easy stages, an t-aistear a dhéanamh ina gheábhanna beaga.
It's easy to talk! tá caint saor!
It is not so easy, let me tell you, níl sé chomh réidh sin, deirimse leat, geallaimse dhuit.
To buy sth. on easy terms, rud a cheannach ar shosa.
It will be the easier for you as you are young, tá tú óg agus sin mar is fusa dhuit é; is amhlaidh is fusa dhuit é ón uair go bhfuil tú óg.
Woman of easy virtue, bean scaoilte.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht