Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: breach · creach · dreach · each · preach
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh reach »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
reach1, s. 1 a Fad m láimhe. He has a long reach, tá sé fada sna lámha. b Within s.o.'s reach, faoi fhad láimhe do dhuine; i líon duine. It is out of my reach, níl breith agam air; tá sé as mo líon. Beyond the reach of all suspicion, os cionn amhrais. Cars within the reach of small purses, carranna is acmhainn d'fhear an bheagáin. They are beyond my reach, tá siad thar m'acmhainn. Posts within reach of all, poist a bhfuil fáil ag gach duine orthu. The goal is within our reach, táimid ag béal an bháire. c Hotel within easy reach of the station, teach aíochta i gcóngar an stáisiúin. d Réim f (na hintinne). Beyond the reach of human intellect, as raon na hintleachta daonna. That is beyond my reach, téann sin ó scil orm. 2 Reach of meadow, réimse m móinéir, 3 Ros m, réimse m (d'abhainn).
reach2 . I v.tr. 1 Sínim (amach) (mo lámh). The tree reaches out its branches, tá an crann ag síneadh na ngéag amach uaidh. 2 Tagann fad le, teagmhaíonn le. The law does not reach them, níl teacht ag an dlí orthu. 3 a Sroichim, bainim amach. To reach the summit of the mountain, barr an tsléibhe a bhaint amach. Windows reached by a flight of three steps, fuinneoga a bhfuil trí chéim ag dul suas go dtí iad. To reach the age of sixty, na trí scóir a bhaint amach. To reach perfection, teacht chun foirfeachta. Your letter reached me to-day, fuair mé do litir inniu. The rumour reached him, tháinig an scéal reatha chomh fada leis. b Tagaim ar (chonclúid). To reach an agreement, teacht ar shocrú. 4 a Reach me (over) that book, sín anall an leabhar sin chugam. b Reach me (down) that plate, leag anuas an pláta sin chugam. II v.tr. & i. It reaches down to the floor, téann sé chomh fada le, go, hurlár. She scarcely reaches up to your shoulder, ar éigean atá sí ag gabháil go gualainn ort. My means will not reach to that, tá sin thar m'acmhainn. III v.i. 1 Síneann. As far as the eye could reach, fad amhairc; feadh radhairc. 2 To reach out for sth., do lámh a shíneadh faoi choinne ruda. He reached over to the table, shín sé a lámh anonn chun an bhoird.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The water reached above their knees, bhí an t-uisce os cionn na nglún orthu.
He may conceivably have reached the summit, tá seans ann gur shroich sé an barr.
To come to, reach, a decision, cinneadh ar chomhairle.
To reach double figures, figiúir dhúbailte a bhaint amach.
Within easy distance, within easy reach, of the city, i ngar don chathair; aistear beag ón gcathair.
As far as the eye can reach, fad radhairc (uaim, etc.); feadh radhairc.
He reached a great age, fuair sé aois mhór.
To reach the age of puberty, teacht chun sleachta, teacht in oirbheart, in inmhe (fir, mná).
They have reached a settlement, tá siad tagtha ar shocrú, ar réiteach.
To stretch out to reach sth., do lámh a shíneadh (amach) le breith ar rud.
Having reached the topmost height . . ., ar theacht go buaic . . .
To reach the age of understanding, teacht go haois na tuisceana.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht