Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: deach · díreach · reach · daireach · darach
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There was a look of kindness about his face, bhí dreach cineálta air.
There is an air of sadness everywhere, tá dreach brónach ar gach rud ann.
That alters the case, cuireann sin dreach eile ar an scéal; sin scéal eile.
He had a look of annoyance, bhí dreach cráite air.
He has a hungry appearance, tá dreach an ocrais air.
The appearance of the streets, an chuma, an dreach, atá ar na sráideanna.
Bewildered air, dreach uascánta.
He looks black, tá dreach urchóideach air.
Blank look, dreach marbh, féachaint mharbh.
He looked blank, tháinig dreach iontais air. S.a. ASTONISHMENT.
He looks blue, (i) tá dreach gruama air; (ii) tá dreach scáfar air.
He breathes health, tá dreach na sláinte thuas air.
He looked very much concerned, bhí dreach imníoch air.
She kept her countenance, choinnigh sí guaim ar a dreach.
Dubious expression, dreach neamhchinnte.
He kept a straight face, choinnigh sé dreach stuama air féin.
His face fell, tháinig dreach díomách air.
He preserved his gravity, níor athraigh an dreach stuama a bhí air.
Hang-dog look, dreach caillte; gotha m an tsnámhaí.
He looks hungry, tá dreach ocrach air.
He put on an innocent air, chuir sé dreach neamhurchóideach air féin.
People of foreign appearance, daoine a bhfuil dreach coimhthíoch orthu.
He looked like one dead, bhí dreach an mharbhánaigh air.
He has an owlish air of wisdom, tá dreach seanchríonna air.
He is the picture of health, is air atá an dreach folláin.
To put on an innocent air, dreach soineanta a chur ort féin.
Scared look, dreach scanraithe.
Keep a solemn face, bíodh dreach stuama ort.
His pinched features speak of starvation, tá dreach lom an ocrais air; tá an t-ocras le léamh ar a chontanós tarraingthe.
A starved-looking person, duine a bhfuil dreach an ocrais air.
To wear a sour look, dreach searbh a bheith ort.
Well-to-do appearance, dreach an tsaibhris, an rachmais.
He looks worried, tá dreach imníoch, cuma bhuartha, air.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht