TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
about, adv. & prep. 1 a Timpeall (with gen.); timpeall ar; thart ar. The hills (round) about the town, na cnoic timpeall an bhaile. The folks about us, na daoine seo inár n-aice. He went a long way about, chuir sé timpeall mór air féin. b Thart, thar timpeall. To stroll about, siúl thart. Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill. About here, anseo sa gcomharsanacht. To walk about the streets, siúl ar fud na sráideanna. He is about again, tá sé ar a bhoinn arís. c There was a look of kindness about his face, bhí dreach cineálta air. There is something uncommon about him, tá rud éigin neamhchoitianta ann. There's something about a horse, that..., tá rud éigin ag baint le capall a... d To do something turn (and turn) about, sealaíocht f, uainíocht f, a dhéanamh. S.a. DAY 1, TURN1 4. 2 To turn something about, rud a iompú thart, a chasadh thart. To turn about, iompú thart, casadh thart. Mil: About turn! about face! Iompaigí thart! S.a. RIGHT-ABOUT. Nau: Ready about! réidh lena cur thart! S.a. GO ABOUT 1, PUT ABOUT 3, TACK2 2. 3 Timpeall is, timpeall ar, tuairim ar, bordáil ar. There are about twenty of them, tá timpeall is scór acu ann. About as big as it, tuairim ar chomh mór leis. That's about right, mar sin. It is about time, (i) tá sé ag tarraingt ar an am; (ii) Iron: is mithid é. He came about three o'clock, tháinig sé i dtrátha a trí a chlog. 4 Mar gheall ar, faoi. To quarrel about something, bheith in achrann faoi rud. Much ado about nothing, gleo mór ar bheagán cúise. About that, maidir leis sin. About what? What about? cad faoi? What is it all about? cad is bun, cúis, leis? To be uneasy about s.o., bheith imníoch faoi dhuine. What about my book? cad mar gheall ar mo leabhar? How about a game? céard a déarfá le cluiche? 5 a To be about to do something, bheith ar tí rud a dhéanamh. What were you about to say? céard a bhí tú ag brath a rá? b He is about his task, tá sé i gcionn a chuid oibre. This is how I go about it, seo mar théim ina chionn. He knows what he is about, tá fios a ghnó aige. What are you about? cad é atá ar siúl agat? Mind what you are about, tabhair aire do do ghnó. You haven't been long about it, ní raibh tú i bhfad leis. While you are about it, nuair atá do lámh ann. To send a person about his business, an bóthar a thabhairt do dhuine.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Much ado about nothing, mórán cainte ar bheagán cúise.
They agreed about the price, shocraigh siad faoin luach.
To agree with s.o. (about, in, a matter), teacht le duine, bheith ar aon intinn le duine (faoi scéal).
To be agreed (with s.o.) (on, about, sth.), bheith aontaithe, ar aon intinn le duine (faoi rud).
We are agreed about the price, tá an luach socair eadrainn.
F: He has an air about him, tá cuma ghalánta air; tá roilsí ag baint leis.
The amusing thing about it is that..., an chuid is greannmhaire den scéal go...
To give an answer to s.o. about sth., freagra a thabhairt ar dhuine faoi rud.
He was quite apologetic about it, is é an chaoi ar ghabh sé leithscéal mar gheall air.
To argle-bargle about sth., bheith ag cáiríneacht faoi rud.
They are arguing about it, tá siad ag sáraíocht ar a chéile faoi.
To ask about sth., faisnéis a chur faoi rud.
To ask s.o. about sth., tuairisc a chur le duine faoi rud; ceist a chur ar dhuine faoi rud.
F: There is an atmosphere of vice about it, tá drochspéir os a chionn.
Going about barefooted, ag imeacht sna boinn.
To bash s.o. about, duine a rúscadh.
F: To beat about the bush, bheith ag leamhaireacht, ag fóideoireacht (le rud).
Don't beat about the bush, (i) ná bí ag teacht thart ar an scéal; (ii) tabhair freagra díreach ar an gceist.
To bind a wreath about s.o.'s head, fleasc a chasadh thart faoi chloigeann duine.
To boast of, about sth., bheith ag déanamh mórtais, gaisce, as rud.
He made no bones about it, ní raibh drogall ar bith air é a dhéanamh; ní raibh gothaí ar bith air á dhéanamh.
To bother s.o. about sth., duine a chrá faoi rud.
Don't bother (your head) about me, ná buair do cheann liomsa.
v.i.He does not bother about anything, ní bhuaireann sé a cheann le rud ar bith.
She brought about his ruin, ba í ba chúis lena chreach.
It was he who brought about the reform, ba é a chuir an leasú á dhéanamh.
To bruit sth. abroad, about, rud a reic, rud a chur os ard, a scaipeadh.
F: To send s.o. about his business, an doras a thabhairt do dhuine. S.a. MIND2 2
v.i.To bustle (about), imeacht (ag obair, etc.) faoi fhorrú, godriopásach.
To caper about, a bheith ag prioncam, ag ceáfráil, ag pramsáil.
That is all he cares about, sin é a bhfuil ar a aird; sin a bhfuil ag déanamh tinnis dó.
He cast his eyes about, bhreathnaigh sé faoi agus thairis.
To cast about for an excuse, a bheith ag iarraidh cuimhneamh ar leithscéal.
Nau: The wind keeps chopping about, tá siúl ar an ngaoth.
He was chucking his weight about, bhí sé ag caitheamh floscaí; bhí sé ag ligean an iomarca cúraim air féin.
To circle round, about, sth., bheith ag fáinneáil, ag guairdeall, ag gearradh fáinní, timpeall ar rud.
To be clear about sth., bheith cruinn, cinnte, faoi rud.
To close about, round (s.o.), bailiú timpeall ar dhuine.
To clump (about), a bheith ag spágáil thart go tromchosach.
Make yourself comfortable about that, ná bíodh aon imní ort faoi sin.
Compassed about by, with, enemies, i sáinn, i bhfáinne, ag naimhde.
He enquired with concern about the matter, chuir sé tuairisc an scéil go himníoch.
To concern oneself with, about, in, sth., dul i gcúram, i mbun, ruda; dul ag plé le rud.
To be concerned about sth., bheith buartha, imníoch, faoi rud.
Cuidíonn (to bring sth. about, le rud a thabhairt i gcrích).
To converse with s.o. about sth., caint a dhéanamh le duine faoi, ar, rud.
To be crazy about s.o., bheith gan sméaróid i ndiaidh duine.
He is crazy about the child, tá sé ina choda beaga timpeall ar an bpáiste.
The curious part about it, an rud is aistí faoi.
Don't be so cut up about it, ná goilleadh sé chomh mór sin ort.