TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
understanding, s. 1 Tuiscint f -eana; meabhair f -rach. To reach the age of understanding, teacht go haois na tuisceana. A person of good understanding, duine tuisceanach. His understanding of the matter, conas mar a thuigeann sé an scéal; an mheabhair a bhaineann sé as an scéal. 2 a Socrú m, réiteach m. Friendly understanding, socrú muinteartha. To have an understanding with s.o., bheith i gcomhar le duine. To come to an understanding with s.o., teacht chun réitigh le duine. b On the understanding that . . ., ar chuntar go . . .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Flash of understanding, leas m tuisceana.
Mutual understanding, comhthuiscint f -ceana.
Understanding of . . ., tuiscint i ...
It is past all understanding, níl tuiscint air; tá sé ó thuiscint.