TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
rock1, s. 1 a Carraig f. Rock-face (to be climbed), éadan carraige. b Geol: Carraig f. Volcanic rock, cloch bholcánach. 2 A rock, carraig. Submerged rock, líonán m, fochais f. Nau: To run upon the rocks, dul ar na carraigeacha. F: To see rocks ahead, constaicí a fheiceáil roimh ré. To be on the rocks, bheith ar an trá fholamh. S.a. FIRM2 1. 3 (Sweetmeat) Gallán milis.
rock2 . 1 v.tr. a Luascaim. To rock a cradle, cliabhán a bhogadh, a luascadh. Ship rocked by the waves, long á croitheadh ag na tonnta. Gold-Min: To rock the ore, an chré órga a shuaitheadh. b The explosion rocks the house, croitheann an pléascadh an teach. 2 v.i. a The cradle rocks, luascann an cliabhán. b The house was rocking, bhí an teach ag croitheadh.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is as hard as a rock, tá sé ina charraig le cruas.
To get down to bed-rock, dul go bun an scéil.
Bed-rock price, an luach is ísle.
To steer clear of a rock, carraig a sheachaint.
That rock is a danger to navigation, is baol do loingeas an charraig sin.
As firm as a rock, chomh daingean le carraig.
The stream has fretted a channel through the rock, tá bealach caite sa charraig ag an sruth.
F: A gigantic rock, fámaire, piarda, mór cloiche.
The rocks came hurtling down, réab na carraigeacha anuas i mullach a chéile.
Igneous rock, carraig dhoigheartha, bruthcharraig.
The rock looks like granite, is dealraitheach an chloch le heibhear.
Sugar maple, rock maple, mailp an tsiúcra.
Mother rock, buncharraig f.
Waters that ooze from the rock, uisce sileáin; uisce a phúscann as an gcarraig.
Parent rock, máthaircharraig f.
Ship piled up on the rocks, long a bheadh caite ar na carraigeacha.
The hull was pounding on the rocks, bhí an chabhail á tuairteáil ar na carraigeacha.
Primitive rocks, carraigeacha fpl bunaidh.
The foundations repose upon rock, tá an bonn suite ar charraig.
Rock-bottom price, an luach is ísle.
To run on the rocks, dul ar na carraigeacha.
Rock salt, salann mianaigh.
The ship struck (on) the rocks, chuaigh, buaileadh, an long ar na carraigeacha.
Wall of rocks, fál m carraigeacha.
The rocks were worn away by the sea, bhí na carraigeacha creimthe ag an bhfarraige.
Geol: Weathered rocks, carraigeacha síonchaite, síonoibrithe.
Nau: To work to windward of the rock, gabháil taobh na gaoithe den charraig, an charraig a thógáil, a leagan fút.