TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
slow1, I a. 1 a Mall. A slow trot, bogshodar. A slow speed, beagán luais, siúl beag. Cin: etc: Slow motion, mallghluaiseacht f. He is a slow speaker, tá sé fadálach, righin, ag caint. F: It is slow work, obair liosta í. Slow and sure! aigne shuaimhneach a réitíonn snáth. Slow fire, meath-thine f. Rail: Slow train, traein mhall. b To be slow to act, bheith righin, mall, chun rud a dhéanamh. To be slow to start sth., bheith leasc chun gnó a chur ar bun. He was not slow to reply, níorbh fhaillí leis freagra a thabhairt. He is slow to anger, is doiligh fearg a chur air. c Maolintinneach, dallintinneach. He's frightfully slow, is é an dallarán é. Slow child, páiste dúr, dobhránta. d (Of spectacle) Marbhánta. Slow little town, baile beag marbhánta. Business is slow, níl mórán á dhéanamh i gcúrsaí gnóthaí. e Slow game, cluiche gan fuinneamh, gan anam. 2 (Of clock) Mall. Your clock is five minutes slow, tá do chlog cúig nóiméad mall. ► slowly, adv. Go mall, etc. Engine running slowly, inneall ar bogstróc. II adv. a Go mall. Go slower, maolaigh ar do luas. To go slow, (i) dul go mall; (ii) é a thógáil bog. To go slow with one's provisions, an bia a choigilt; tarraingt caol ar an mbia. Nau: Slow ahead! go réidh romhat! b The clock goes slow, tá an clog ag cailleadh.
slow2 . 1 v.i. a To slow down, up, moilliú. b To slow up (to a stop), stad, seasamh. I am slowing down somewhat, tá mé ag lagú beagán ar na maidí. 2 v.tr. To slow sth. down, up, moill a bhaint as, a chur ar, rud.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Slow-combustion stove, sorn m malldóiteach.
He is going dead slow, tá sé ag imeacht go rímhall.
To cook sth. on a slow fire, rud a chur ar fiuchadh go righin, ar mheath-thine.
Slow-march, mallmháirseáil.
Motors must slow down over the bridge, gabhadh gluaisteáin go mall ar an droichead.
F: It's a slow process, obair fhadálach í.
To make slow progress, dul ar aghaidh go fadálach.
Cin: Slow-motion film, scannán mallghluaiste.
To be slow of speech, a bheith mallchainteach.
Slow-combustion stove, sorn malldóite.
Slow train, traein mhall.
He is slow in the uptake, tá sé mallintinneach, fadálach ag tuiscint.
He has slow wits, tá sé dallintinneach.
Slow-witted, mallintinneach.