Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: spréidh · réigh · sprig · saiprigh · screig
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
spréigh, v.t. & i. (pres. -éann, vn. spré, pp. -ite).Spread. 1. Éadach a spré ar rud, to spread a cloth over sth. Seol a spré, to spread a sail. ~ amach an léarscáil, spread out the map. 2. Móin a spré, to spread turf. ~ thart na punanna, spread the sheaves around. ~ siad gaineamh air, they spread sand over it. Tá an tuile ag spré, the flood is spreading. ~ sé lábán orm, he spattered me with mud. Tá an peann seo ag spré an dúigh, this pen is spattering the ink. 3. Sciatháin a spré, to spread wings. ~ sé amach a dhá lámh, he spread out his two hands. Tá a ghuaillí ag spré, he is getting broad in the shoulders. Tá sé ag spré ar an saol, he is getting extremely fat. Spréite sa leaba, sprawled on the bed. 4. Scéala a spré, to spread news. Tá an aicíd ag spré, the disease is spreading. ~ an cogadh timpeall an domhain, the war spread round the world. 5. Solas a spré, to disperse light. Imlíne spréite, blurred outline. 6. Doras, fuinneog, a spré, to splay a door, a window. Sciorta spréite, flared skirt. 7. Rós spréite, full-blown rose. Prátaí spréite, potatoes bursting their jackets.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Spréigh, scaip, ar, spread, scatter, over.
~ imtharraingthe, méadaithe, scaipthe, spréite, taifigh, attractive, magnifying, scattering, dispersive, resolving, power.
Tá a spré i gclár a héadain, her face is her fortune.
~ spréite, spray-gun.
Spré mhíolach, cattle dowry.
Spréigh ar an ~ é, spread it on the raised ground, on the bank.
~ spréite, gerbe.
Ná ~ bean mar gheall ar spré, do not covet a woman for her dowry.
~ spréite, perforated nozzle, rose.
~ chnoic, wealth in cattle and sheep.
Bean a phósadh ar a ~, to marry a woman for her dowry.
Tá a ~ i gclár a héadain, her face is her fortune.
1. ~ thine, spark of fire; ember; small fire.
~ choigilte, raked ember.
2. ~ bheatha, chéille, chreidimh, spark of life, of sense, of faith.
Níl ~ amhairc aige, he hasn’t a glimmer of sight.
~ sciathán, spread of wings.
~ sciorta, flare of skirt.
~ solais, dispersion of light.
~ fuinneoige, splay of window.
~ air! Confound him!
Ní chuirim ~ i maoin ná i spré, I lay no store by wealth or dowry.
~ spré, fortune-hunter.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht