Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: shock · smock · sock · stack · stick
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh stock »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
stock1, s. 1 a Bot: Stoc m (crainn). b Stocán m, bun m (crainn); ceap m (inneonach). F: To stand like a stock, seasamh i do staic. c Hort: Craobh f altrama. d Pór m, sliocht m -eachta. He is true to stock, tá sé ag cur lena bhunadh. Man of good stock, duine de phór maith. 2 a Stoc m (gunna), cos f (laisce). Anchor-stock, stoc m ancaire. b (Of plane) Ceap m (plána). Bit-stock, bíomal f. Die-stock, ceap díslí. 3 pl. Piolóid f, ceap m. 4 pl.N.Arch: Bacáin mpl. A ship on the stocks, soitheach ar na bacáin. F: To have a piece of work on the stocks, obair a bheith idir lámha agat. 5 a Stór m (earraí). Stock of wood, stór adhmaid. b Com: Stoc m. Surplus stocks, earraí fuílligh. Stock in hand, stock in trade, stoc m ar láimh. To buy the whole stock of a business, an siopa agus a bhfuil ann a cheannach. In stock, istigh, ar láimh. (Of goods) To be out of stock, bheith rite. To take stock, na hearraí, an stoc, a áireamh. F: To take stock of sth., rud a bhrath, a mheas. c Cards: Fuílleach m paca, d Husb: Live-stock, stoc m. Grazing stock, féaránaigh mpl. Fat stock, eallach ramhar. Stock mare, láir f graí. e Ind: Innealra m, trealamh m. 6 a Ind: Bunábhar m. b Cu: (Soup)stock, stoca anraithe. 7 Fin: Stoc m. Government stocks, stoc stáit. Bank stocks, stoc banc. Stocks and shares, stoc agus scaireanna. F: His stock is going up, tá meas ag teacht air. To take no stock in s.o., a bheag a dhéanamh de dhuine. To take stock of sth., rud a mheas go grinn. 8 Bot: Stock(-gillyflower), tonóg chladaigh. 9 Cost: Stoc f, carbhat m ard. 10 Attrib. a Com: Stock size, gnáth-thomhas m, b Th: Stock play, dráma stóir. Stock company, foireann chónaitheach, stóir. Stock argument, gnáthargóint f, argóint sheanphléite. Stock-phrase, abairt smolchaite, nath m -a.
stock2, v.tr. 1 a Cuirim stoc, ceap, ar (ghunna) b Cuirim stoc ar (ancaire). 2 Cuirim earraí, stoc, i (siopa); cuirim eallach, stoc, ar (fheirm); cuirim lón i (dteach, mbád, etc.). To stock a house with coal, stór guail a chur isteach i dteach. Well stocked shop, siopa maith áirgiúil. Memory stocked with tales, ceann lán de scéalta. 3 Coinním (earraí); tá (earraí áirithe) istigh agam.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Stock-broker, stocbhróicéir m. S.a. EXCHANGE1 2.
St.Exch: To carry over stock, stoc a thabhairt ar aghaidh.
Joint stock company, comhlacht comhstoic.
F: His stock is falling, tá a chlú ag dul i léig.
Stock farmer, feirmeoir stoic.
Stock farming, tógáil f stoic.
Film stock, scimeal m.
To foot a stocking, troigh a chur faoi stoca.
He gambled on the Stock Exchange, chuaigh sé san fhiontar ar Mhalartán an Stoic.
Gambler on the Stock Exchange, fiontraí m ar Mhalartán an Stoic.
Fin: Gilt-edged stock, stoc ciumhaisóraithe; sárstoc.
Stock in hand, earraí ar láimh.
Here stock-raising goes hand in hand with agriculture, bíonn tógáil beithíoch agus an churadóireacht ar siúl in éineacht anseo.
Of humble stock, de dhream uiríseal.
Inscribed stock, stoc inscríofa.
St.Exch: (Stock-)jobber, giurnálaí m.
Joint stock, comhstoc m.
Joint stock bank, banc m comhstoic.
To mend a ladder in a stocking, lúb a thógáil i stoca.
F: Lock, stock and barrel, idir chorp, chleite agus sciathán.
My stocks are rather low, tá mo stór ag dul i ndísc.
To new-foot a stocking, ceann, troigh, úr a chur ar stoca.
Preferred stock, príomhstoc m.
Preference stock, príomhstoc m.
St.Exch: To put stock at a certain price, stoc a thairiscint ar luach áirithe.
Fin: To speculate on the Stock Exchange, amhantraíocht f a dhéanamh ar an stocmhalartán.
To stand stock still, seasamh i do staic.
One stocking (of pair), leathstoca.
F: A well-lined stocking, sparán teann.
Com: Sale of surplus stock, díolachán fuílligh.
Fin: Watering of stock, caolú m caipitil.
My stocking is working down, tá mo stoca ag éalú, ag sleamhnú, anuas.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht